An Saol i nDún na nGall

Fintragh Bay1Tá LYIT lonnaithe i gceann de na háiteanna is áille in Éirinn. Tá muidne ábhartha go leor lenár mbaile a thabhairt air. Is féidir leatsa sin a dhéanamh fosta.

Tá réasún maith ann gur ainmnigh an National Geographic Dún na nGall mar an “coolest place on the planet” sa bhliain 2017. Tá Contae Dhún na nGall thar a bheith galánta le sléibhte arda, cósta agus tránna, aibhneacha agus locha, Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha &rl. Cuireann seo go léir deiseanna gan sárú ar fáil do réimse leitheadach gníomhaíochtaí amuigh faoin aer. Is cinnte go bhfuil rud éigin anseo do dhuine ar bith a bhfuil dúil acu a bheith amuigh – ó seoltóireacht go cnocadóireacht, ó surfáil go tumadóireacht domhainfharraige, ó chosa in airde le do chapall ar an trá go siúl deas réidh.

Fanad Head LighthouseTá na Cumainn agus na Clubanna ansin le cuidiú leat an tairbhe is fearr a bhaint as – agus ar bheagán costais.
Chomh maith leis, ofrálann Dún na nGall ionchais maithe fostaíochta do chéimithe agus tá sé iomráiteach as a chuid céimithe féin a choinneáil. Fanann an choláiste i dteagmháil mhaith le tionscáil áitiúil agus fostóirí tríd na hOifigí Forbartha agus Gairme agus le  Cinn na Scoileanna. Déanann muid cinnte go sásaíonn ár gcuid cúrsaí á riachtanais.