An dóigh ina dtig linn cabhrú le do ghnó

your-businessÓn uair a bunaíodh í sa bhliain 1971 tá traidisiún teagmhála fada gradamach ag LYIT le réimse de pháirtithe leasmhara seachtracha, ina measc Fostóirí agus Tionscal, Comhlachtaí Gairmiúla, Forais Rialtais agus Rialála, Earnálacha Pobail agus Deonacha, Soláthraithe Eile Oideachais agus Oiliúna, agus Alumni. 

Sa chomhthéacs seo, tá an LYIT ag feidhmiú do dhea-chleachtas atá ag teacht chun cinn i dtaca le Samhail bunaidh Triple Helix (2008) de chuid Etzkowitz agus an Lárionad Náisiúnta san RA d’Fhiontraíocht in Ollscoil an Oideachais Fiontraíochta (2013) atá bunaithe, den chuid is mó, ar chuid oibre Gibb. 

Rinneadh leathnú ar an Bhunsamhail Triple Helix d’fhorbairt réigiúnach go dtí, ar a laghad, Samhail Ceathrúil Helix a chiallaíonn go ligtear saor na sineirgí forbartha ó Chóras Réigiúnach Nuálaíochta ó fháil ceithre phríomhpháirt  den Éiceachóras Réigiúnach Nuálaíochta ag comhoibriú; sa cheithre phríomhpháirt seo tá na hEarnálacha Ardoideachais, Rialtais, Tionscail agus na hEarnálacha Pobail agus Deonacha. 

Tá LYIT i gcónaí tiomanta do leanúint de bheith ag teagmháil go réamhghníomhach le páirtnéirí seachtracha príomha chun cuidiú le forbairt amach anseo do réigiún an Iarthuaiscirt. 

help-your-businessGach uile bhliain, bíonn ár n-ionad taighde ag comhoibriú le comhlachtaí ar dhóigheanna éagsúla ar mhaithe le cuidiú leo a spriocanna a bhaint amach.

Tá an Oifig Forbartha san LYIT, i gcuideachta Oifig an Uachtaráin agus Cinn na Scoileanna, freagrach as ár gcaidreamh réigiúnach, tras-teorainn, náisiúnta agus idirnáisiúnta. 

Á bhuí dár bPlean Straitéiseach, déanann an Oifig Forbartha comhordú ar theagmháil seachtrach an LYIT i dTaighde, Nuáil agus Fiontar, Foghlaim ar feadh an tSaoil agus Idirnáisiúnú. 

Tá an Oifig Forbartha san LYIT áitithe go hidirmheánach idir LYIT agus an Timpeallacht Seachtrach. 

Ar fud réimse ár dTeagmhálacha Seachtracha, táimid ag obair i dtreo samhail dea-chleachtais atá ag teacht chun cinn, ar a dtugtar Teoiric Ceathrúil Helix. Tá ár n-iarrachtaí go léir dírithe ar chur chun cinn Institiúid Ardoideachais atá réamhghníomhach agus rannpháirteach ar fud an réigiúin, ag obair go cruthaitheach leis an Rialtas, le Gnólachtaí/Tionscal agus an Pobal Sibhialta. Tá ár n-intinn dírithe go speisialta ár chabhrú le teacht chun cinn éiceachóras faisnéise agus nuálaíochta atá oiriúnaitheach go dinimiciúil agus go trasdisciplíneach i Réigiún an Iarthuaiscirt a chruthóidh Fostaíocht agus Fás Eacnamaíochta sa deireadh thiar thall. 

Emplyers BrochureBealaí inar féidir linn cuidiú le rathúlacht do ghnó:

Cliceáil ar an íomhá seo chun breathnú ar an Treoir atá againn faoi Thacaíocht d'Fhostóirí