Baile  ›  Faoi  ›  Rialachas & Struchtúr  ›  Bord Bainistíochta

Bord Bainistíochta

Tá Bord Bainistíochta na hInstitiúide bunaithe faoi Alt 6 de na hAchtanna um Institiúidí Teicneolaíochta, 1992 go 2006. Tá feidhmeanna an Bhoird Bainistíochta leagtha amach faoi Alt 8 d’Acht na bliana 2006.

Bronnann na hAchtanna feidhm ar leith ar an Institiúid i ndáil le cur ar fáil cibé cúrsaí staidéir a mheasann an Bord Bainistíochta a bheith oiriúnach. Tugann sé feidhm don Bhord Bainistíochta na cláir agus na buiséid bhliantúla a cheadú agus líon agus téarmaí agus coinníollacha na foirne a shocrú faoi réir ag faomhadh ón Údarás um Ardoideachais.

Tá an Bord Bainistíochta déanta suas de Chathaoirleach, Seacht nDuine Dhéag atá ina ngnáth mbaill, agus Uachtarán na hInstitiúide. Is é/í an tAire Oideachais agus Eolaíochta a cheapann an Cathaoirleach. Maidir leis na seacht gnáthbhall déag, ceapann an tAire Oideachais agus Eolaíochta iad ar mholadh an Choiste Gairmoideachais, mar a leanas:

  • Seisear ball a mbeidh triúr, ar a laghad, as a measc ina gcomhaltaí den rialtas áitiúil agus a bheas ainmnithe ag an Choiste Gairmoideachais.
  • Dhá bhall lánaimseartha, fear amháin agus bean amháin, d’fhoireann acadúil na hInstitiúide, a bheas tofa ag an fhoireann acadúil de réir rialachán atá leagtha síos ag an Bhord Bainistíochta.
  • Duine amháin ón fhoireann neamhacadúil, a bheidh tofa ag an fhoireann neamhacadúil de réir na rialachán atá leagtha síos ag an Bhord Bainistíochta.
  •  Beirt mhac léinn chláraithe atá tofa ag na mic léinn chláraithe i gcomhréir leis na rialacháin atá déanta ag an mBord Rialaithe.
  • Duine amháin ainmnithe ag Comhdháil na gCeardchumann.
  • Cúigear ainmnithe ag an Choiste Gairmoideachais ó ainmniúcháin ó eagraíochtaí a mheasann an Institiúid, ar mholadh ón Chomhairle Acadúil, gur choir ionadaíocht a bheith acu, ag cuimhneamh ar ghníomhaíochtaí na hInstitiúide.

Bord Bainistíochta 2016 – 2021
Cód Rialachais *
Cód Iompair **

* Ghlac an Institiúid leis an gCód Rialachais seo agus d’fhaomh an Bord Bainistíochta é ar an 5 Aibreáin 2018.
** Ghlac an Institiúid leis an gCód Iompair seo agus d’fhaomh an Bord Bainistíochta é ar an 21 Bealtaine 2018.