Céimeanna Taighde san LYIT

Ofrálann LYIT Céimeanna Taighde Máistir agus Dochtúra i bpáirtíocht idir na Scoileanna Gnó, Innealtóireachta, Eolaíochta agus Turasóireachta agus an Oifig Forbartha.
San am i láthair san LYIT, tá 20 mac léinn cláraithe faoi choinne Céimeanna Taighde sna disciplíní seo a leanas:
- Gnó
- Ríomhaireacht
- Eolaíocht
Faightear maoiniú do Chláracha i gCéimeanna Taighde ó:
- Deontas/sparánacht taighde seachtrach
- Síolchiste LYIT
- Cistiúchán Tionscail
- Féinchistiúchán (€5,000 sa bhliain)
Moltar do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair le smaointe taighde a theacht chun tosaigh le tograí a phlé leis an Oifig Forbartha. R-phost: John Andy Bonar, Ceann na Forbraíochta anseo.
Clár do Mháistir Taighde le Síolchiste LYIT
Sa chlár seo cuirtear ar fáil oiliúint ard-taighde do chéimithe le sárscileanna as a bhfaightear dámhachtain darbh ainm Céim Mháistir le Taighde. Mar chomhpháirt lárnach den chlár do Chéim Taighde san LYIT tá críochnú le déanamh ar Theastas struchtúrtha i gCleachtadh Taighde, Leibhéal 9. Go bunúsach, téitear i mbun na tograí seo i gcomhobair le páirtnéirí tionscail. Maireann Céim Mháistir le Taighde de ghnáth dhá bhliain (lánaimseartha) nó trí bliana (páirtaimseartha).
Beidh iomlán deiseanna do cláracha Céimeanna Taighde ó dheontais taighde seachtrach nó ó Chlár Máistir Taighde maoinithe ag Síolchiste LYIT liostáilte anseo.
Beidh liosta úr do 2018/2019 ar fáil go luath.
An Próiseas Iarratais
Ba chóir don iarratasóir a iarratas a chomhlánú i gcomhair leis an príomh-mhaoirseoir taighde atá molta agus é a chur chuig an Ceann Scoile ábhartha.
Chun iarratas a dhéanamh ar Chéim Mháistir le Taighde nó ar chlár PhD, íoslódáil an fhoirm iarratais seo a leanas, le do thoil: Admission to Research Masters Degree Register
Cuir an fhoirm iarratais comhlánaithe ar ais chuig an Ceann Scoile ábhartha, le do thoil:
Scoil |
Ceann Scoil |
Seoladh R-phoist |
Teileafón |
Gnó |
Michael Margey |
michael.margey@lyit.ie |
074 918 6201 |
Innealtóireacht |
Denis McFadden |
denis.mcfadden@lyit.ie |
074 918 6402 |
Eolaíocht |
Dr Gertie Taggart |
gertie.taggart@lyit.ie |
074 918 6301 |
Turasóireacht |
Dr Seán Duffy |
sean.duffy@lyit.ie |
074 918 6602 |