Athbhreithniú Cáilíochta LYIT Críochnaithe

Athbhreithniú Cáilíochta LYIT Críochnaithe

News, Student News, Staff News / Dé Céadaoin 5 Nollaig 2018

Moltar LYIT as naisc láidre le tionscail agus fostaitheoirí

Tá athbhreithniú cáilíochta ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) críochnaithe ag Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI), an t-eagras Stáit atá freagrach as cinnteacht seachtrach cáilíochta ardoideachais agus oiliúna in Éirinn

Gach seacht mbliana déanann QQI athbhreithniú seachtrach ar institiúidí ardoideachais chun cothabháil agus feabhsú cáilíochta a scrúdú. Scrúdaítear conas mar atá feabhas curtha ag an institiúid ar chórais mhuinte, foghlama agus taighde, agus conas atá siad ag teacht leis an misean, na toscairí cáilíochta agus tomhaiseanna atá acu féin. Bhí LYIT ar cheann de na institiúidí tosaigh a athbhreithníodh sa bhabhta reatha CINNTE. 

Rinne painéil ar a raibh saineolaithe oideachais náisiúnta agus idirnáisiúnta athbhreithniú cuimsitheach ar éifeacht na nósanna imeachta um chinnteacht cáilíochta ag LYIT; tugadh moladh do shamplaí dea-chleachtais a raibh tionchar acu ar bhaill foirne agus ar mhic léinn, agus léiríodh moltaí um dheiseanna feabhsaithe ins na blianta atá romhainn. 

Moladh LYIT as:

  • Dul chun cinn maidir le méadú ar líon na mac léinn, leathnú ar an réimse clár agus sreabhanna ioncaim dá dtoradh san
  • Ceann Taighde agus Nuálaíochta a cheapadh, agus Oifig Thaighde a tionscnamh
  • Naisc láidre le tionscail agus fostaitheoirí agus a mbreisiú san ar thaithí mac léinn
  • Tacú le rochtain, aistriú agus dul chun cinn mac léinn
  • Comhoibriú agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt

Dúirt Padraig Walsh, POF ar QQI, “Is luacháil dian iad athbhreithnithe CINNTE QQI, a thugann muinín do na mic léinn tríúleibhéal in Institiúidí in Éirinn as cáilíocht an oideachais atá á fháil acu. Tá athas orainn go léiríonn LYIT fianaise ar thionchar suntasach ar mhic léinn, ar thaighde agus ar a réigiúin. Socróidh plé LYIT leis an bpróiseas seo agus tiomantacht LYIT um fheabhsuithe clár oibre chun dea-thorthaí a sholathar dá bpobail leathana éagsúla”. 

Chuir Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, fáilte roimh an tyuarascáil; dúirt sé, “Bhí athas ar LYIT páirt a ghlacadh san Athbhreithniú Sealaíoch seo. Tháinig sé tar éis athbhreithnaithe san Institiúid ar Scoileanna, Lár-Sheirbhísí agus Cláir a mhair dhá bhliain. Bhíomar an-sásta leis an tslí inar chuaigh an t-athbhreithniú chun cinn, agus leis na moltaí agus ardmholadh a éiríonn ón dtuarascáil. Tháinig Tuarascáil CINNTE an QQI ar an tuairim, maidir le LYIT, go bhfuil ‘sraith éifeachtach nósanna imeachta um chinnteacht cáilíochta i bhfeidhm; nósanna imeachta éifeachtacha i bhfeidhm maidir le bronnadh cáilíochtaí suas chuig céimeanna taighde ar Leibhéal 9; córas cinnteachta cáilíochta i bhfeidhm a thugann torthaí cáilíochta agus atá faoi riar ag córas rialaithe; ag féachaint go gníomhach um cháilíocht na hinstitiúide a fheabhsú agus ag freagairt ar aon chesteanna a ardaíonn mic léinn; agus ag feidhmiú próiseas maidir le rochtain, aistriú agus dul chun cinn”. 

Dúirt an tOllamh Crichton Lang, Leas-Phríomhoide, Ollscoil na nGarbhchríoch agus na nOileán, agus Cathaoirleach ar Fhoireann Athbhreithnithe LYIT, “Bhí an-áthas orm nuair a iarradh orm bheith mar chathaoirleach ar an athbhreithniú seo. Ar feadh an phróisis bhíos féin agus an fhoireann ar fad an-thógtha leis an díogras agus oscailteacht a léirigh foireann uile na hInstitiúide agus iad ag plé linn, agus leis an mbealach inar ghlac an Institiúid le spiorad agus cuspóir an chineáil seo athbhreithnithe. Bhí a dtiomantacht le LYIT agus a dhul chun cinn amach anseo an-shoiléir. Tá súil agam go gcuideoidh torthaí an athbhreithnithe seo le LYIT chun a bpleananna agus a straitéisí a chur chun cinn”. 

Chun achoimre ar thuarascáil LYIT a léamh, cliceáil anseo
Chun tuarascáil iomlán LYIT a léamh, cliceáil anseo
 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí