213 Áit Springboard saor in aisce ag LYIT don bhliain acadúil seo romhainn

213 Áit Springboard saor in aisce ag LYIT don bhliain acadúil seo romhainn

News / Dé Luain 18 Meitheamh 2018

Cúrsaí uasoiliúna agus athoiliúna saor in aisce do dhaoine dífhostaithe agus lucht cúramaí baile, maoiniú 90% do dhaoine fostaithe

Tá sraith nua cúrsaí faoi Springboard+ 2018 seolta ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton TD, agus an Aire Stáit um Oiliúint, Scileanna agus Nuálaíocht, John Halligan TD.

Tá áthas ar LYIT faoin scéal go bhfuil 213 áit saor in aisce ar chúrsaí bronnta ar an Institiúid ar fud disciplíní éagsúla. Tugann Springboard+ cúrsaí ardoideachais saor in aisce, i réimsí scileanna ina bhfuil riachtanais aitheanta, do dhaoine atá dífhostaithe, do dhaoine a bhí féinfhostaithe cheana agus do dhaoine atá ag filleadh ar an obair. Agus is féidir leo san atá i bhfostaíocht leas a bhaint as an tionscnamh Springboard+ freisin. Do rannpháirtithe atá fostaithe, tá cúrsaí ar Leibhéal 6 CNC saor in aisce; i gcás rannpháirtithe ar chúrsaí ar Leibhéal 7 – 9 CNC, ní gá dóibh ach 10% den táille a íoc agus maoiníonn an Rialtas an fuíollach.

Tá réimse cúrsaí faofa ag LYIT, ó chúrsaí Teastais go Dioplómaí Iarchéime. Ar na hábhair atá clúdaithe áirítear iad seo a leanas: Airgeadas & Teicneolaíocht; Rialachas, Comhlíonadh & Cosaint Sonraí i Seirbhísí Airgeadais; Teicneolaíochtaí Mór-Ríomhaireachta; Cúrsaí Tiontaithe Ríomhaireachta; Teicneolaíocht Néalríomhaireachta; Cibearshlándáil; Bainistiú Ionad Sonraí; Scileanna Cócaireachta; Oibríochtaí Bia & Deochanna; Bainistiú Oibríochtaí Bialainne; agus Bainistiú Óstáin.  

Dúirt John Andy Bonar, Ceannasaí Forbaartha ag LYIT, “Tá áthas orainn go bhfuil ar ár gcumas an 213 áit Springboard+ saor in aisce seo a sholáthar do rannpháirtithe incháilithe. Agus iad seo san áireamh, tá breis agus 1,000 áit Springboard saor in aisce curtha ar fáil ag LYIT le hocht mbliana anuas; d’eirigh le formhór na gcéimithe postanna a fháil de thoradh na gcúrsaí seo.”  

“Tá cúrsaí LYIT Springboard+ leagtha amach i gcomhar le fostaitheoirí sa réigiún chun freastal ar scileanna agus cáilíochtaí a bhfuil éileamh orthu san Iar-Thuaisceart agus ar bhonn náisiúnta. Léiríonn an fhorbairt seo an tacaíocht leanúnach ó LYIT chun deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chruthú don phobal ar fud réigiúin an Iar-Thuaiscirt.” 

Féadfaidh daoine gur mian leo páirt a ghlacadh i Springboard+ 2018 gach eolas a fháil anseo.  Um breis eolais, seol ríomhphost chuig brian.mcgonagle@lyit.ie nó glaoigh ar 074 918 6170.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí