Mac léinn LYIT ar ghearrliosta do Chomórtas Vision um Ghradaim Éadaigh Gairmiúil

Mac léinn LYIT ar ghearrliosta do Chomórtas Vision um Ghradaim Éadaigh Gairmiúil

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 24 Aibreán 2018

Aoife Nolan – an t-aon mhac léinn ó Éirinn ar ghearrliosta deichniúir!

Tá áthas ar LYIT a fhógairt go bhfuil Aoife Nolan, mac léinn dara bliana ar chúrsa BA sa bhFaisean, ar ghearrliosta craoibhe Chomórtais idirnáisiúnta Vision um Ghradaim Éadaigh Gairmiúil (PCA). 

Bunaíodh an gradam seo chun aitheantas a thabairt don slabhra soláthair idirnáisiúnta éide; aithníonn sé éide oibre, éide corporáideach agus trealamh cosanta pearsanta (PPE) ar fud an domhain. San iontráil uaithi, bhí ar Aoife a fís a roinnt, maidir le éadaigh stíleach, feidhmeach agus gairmiúil, a fhéadfaí a chaitheamh um ról oibre ar leith in earnáil dá rogha féin. Cuirtear mar sprioc roimh na mic léinn dearthaí nuálaíocha a sholáthar, a réitíonn le riachtanais oibrí (fear nó bean) mar chuidiú leo a gcuid oibre a dhéanamh chomh maith agus is féidir leo sa chomhshaol oibre acu. 

Is as Droimneach, i mBaile Átha Cliath, Aoife agus ghlac sí inspioráid ó chruthanna agus foirmeacha innill. Dhein sí taighde ar fhabraicí buanfasacha a bheadh oiriúnach do mheicneoirí, le friotaíocht ceimice agus dóiteáin. Oibríonn an dearadh nuálaíoch aici le dathbhlocáil agus tá sé fíorfheidhmeach gan an dea-dhearadh a chailliúint. Is iontach di a bheith ag iomaíocht ar leibhéal chomh hard san agus rachaidh sé chun tairbhe di amach anseo bheith páirteach sa chomórtas seo agus i gcomórtais eile dá leithéid. Dúirt Aoife, “Tá áthas orm an deis a fháil mo chuid saothair a thaispeáint ar ardán idirnáisiúnta. D’ fhoghlaimíos cuid mhór maidir le fabraicí agus éide oibre a dhearadh; ba bhreá an tionscadal é”. 

Is mór an onóir d’Aoife go bhfuil sí ar ghearrliosta deichniúir, mar roghnaíodh an iarratas uaithi as 300 iontráil. Neartaíonn sé a bua go raibh an comórtas ar oscailt do líon mór scoil a bhí páirteach, ina measc London College of Fashion, Manchester Metropolitan and ESMOD International, sa Fhrainc. I mbliana, bronnfar na gradaim ag Óstán Park Plaza London Riverbank ar 20 Meitheamh 2018.

Dúirt Sharon Maxwell, Léachtóir Faisin LYIT, “Is iontach an rud é go bhfuil buanna agus diansaothair Aoife aitheanta agus go mbeidh deis aici an saothar sin a thaispeáint ag ceann de na hócáidí is tábhachtaí maidir le héadaigh gairmiúil. Dearthóir nuálaíoch í agus tá súil againn gur deis mhór aici an comórtas seo chun a ghairm a sheoladh”. 

Seo an tríú bhliain den chúrsa BA sa bhFaisean ag LYIT agus cheana féin is féidir luach scileanna agus saineolais na gcéimithe amach anseo a fheiceáil. Is aidhm don chúrsa mic léinn a ullmhú um fhostaíocht nó um ghairm mar dhearthóir.

Go n-éirí go geal le Aoife sa chraobhchomórtas!


An nuacht is déanaí

Imeachtaí