Ceim chun Tosaigh ag mic léinn LYIT le haghaidh I-STEP

Ceim chun Tosaigh ag mic léinn LYIT le haghaidh I-STEP

News / Dé Céadaoin 14 Feabhra 2018

Bhí mic léinn LYIT ón Roinn Staidéar Gnó agus Riomheolaíochta páirteach ar chlár oiliúna seachtaine sa bhfiontraíocht idirnáisiúnta in Birmingham na Breataine. Clár Erasmus Plus de chuid an AE is ea an tionscadal I-STEP; féachann sé le teagasc fiontraíochta idirnáisiúnta a neartú tríd an earnáil VET. Tá an tionscadal seo á chur chun cinn ag LYIT i gcomhar le heagrais chomhpháirtíochta in Éirinn, an Liotuáin, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe.   
 
Faoi stiúir an pháirtnéara RA, dhéan na mic léinn ó LYIT tástáil phíolótach ar ábhair agus ardán I-STEP; úsáidfear na torthaí acu chun an clár a fheabhsú sula a bhfeidhmítear go hiomlán é i Meitheamh 2018.  Cuid lárnach den tseachtain in Birmingham ab ea foirne idirnáisiúnta gnó a chruthú, ina raibh mac léinn amháin as gach tír a bhí páirteach ag teacht le cheile chun obair ar smaoineamh idirnáisiúnta gnó.   
 
Dúirt Padraig Gallagher, Ceannasaí Tionscadail ó LYIT, “Bhí smaointe gnó na mac léinn airgtheach agus dírithe acu ar fhíor-riachtanas aitheanta. Chuaigh sé i bhfeidhm orm go raibh meascadh tairgí agus seirbhísí againn agus molaim go mór iarrachtaí na mac léinn ag obair le cheile ar feadh na seachtaine.   Bhí na mic léinn againne  - Aisling Bonner, Chloe Johnston, Lee Hannigan agus Melanie Doherty – ar fheabhas mar ionadaithe ní amháin ag LYIT ach freisin ag an dtír ins an dtionscadal idirnáisiúnta seo”. 
 
Dúirt Melanie Doherty, mac léinn Cuntasaíochta – Bliain 1, “Chlúdaíomar cuid mhór téamaí le linn na seachtaine agus sinn ag cur ár smaointe idirnáisiúnta gnó chun cinn. Gné lárnach a thugamar linn ar fad ná an riachtanas um chumarsáid éifeachtach. Ba dhúshlánach é an smaoineamh gnó a chur i láthair ag deireadh na seachtaine ach dhéanamar ullmhú maith chuige. Tá áthas orm go rabhas ar an bhfoireann a bhuaigh, in éineacht le mo ‘chomhpháirtithe gnó’ Stein (an Isiltír) agus Carolyna (an Liotuán).  Leanfaimid orainn ag obair le chéile via Skype agus ríomhphost agus cuirfimid i lathair é ar an gcomhdháil deiridh tionscadail sa Liotuán i mí Bhealtaine.” 
 
Féach www.i-step.eu um breis eolais faoi Thionscadal I-STEP. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí