Bronntar Scoláireachtaí Spóirt ag LYIT

Bronntar Scoláireachtaí Spóirt ag LYIT

News, Student News, Staff News / Déardaoin 10 Nollaig 2020

Bronntar 19 Scoláireachtaí

Ar an Aoine 4 Nollaig bronnadh scoláireachtaí spóirt ar 19 iontrálaí nua ag LYIT.  

Is fiú €1,000 gach ceann de na Scoláireachtaí Spóirt seo. Roghnaíodh na scoláirí spóirt as na mic léinn nua a tháinig isteach i mbliana, mar aitheantas ar shaothar agus gaiscí spóirt acu – ar leibhéal idirchontae CLG, ar leibhéal Shraith na hÉireann Sacair agus ar leibhéal Faoi Aois Idirnáisiúnta Cispheile. 

Tá an Clár um Scoláireachtaí Spóirt le haghaidh Iontrálaithe Nua ceangailte leis an bpríomhchlár um Scoláireachtaí Spóirt san Institiúid; bronntar na scoláireachtaí seo i mí Feabhra gach bliain. 

Is iad seo a leanas na mic léinn a fuair Scoláireachtaí Spóirt le haghaidh Iontrálaithe Nua i mbliana: 

Cispheil
  • Luke Cassidy, Leitir Ceanainn
  • Max Leadley, Leitir Ceanainn
Peil Ghaelach
  • Eimear Alcorn, An Tearmann
  • Claire Doherty, Leitir Ceanainn
  • Leah Gallen, Bealach Féich
  • Megan Havlin, Bun an Phobail
  • Sasha Lavin, Co Ros Comáin 
  • Sean Doherty, Bun Cranncha
  • Dylan Dorrian, Baile na nGallóglach
  • Eoin Dowling, Leitir Ceanainn
  • Keelan Dunleavy, Leitir Ceanainn
  • Jack Gallagher, Mín an Lábáin 
  • Liam Gaughan, Co Shligigh
  • Rory O’Donnell, Baile na nGallóglach
  • Kieran Tobin, Leitir Ceanainn
Sacar
  • Emer O’Neill, Co Mhaigh Eo
  • Conor Black, Cill Mhic Réanáin
  • Stephen Black, Cill Mhic Réanáin
  • Oran Brogan, Leitir Ceanainn

Thréaslaigh Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, dóibh siúd uile a fuair scoláireachtaí an tráth seo agus chuir sé fáilte rompu chuig an Institiúid; bhí dóchas aige go mbainfeadh siad tairbhe as a dtréimhse anseo, i gcúrsaí acadúla agus i gcúrsaí spóirt araon.  

Cliceáil anseo chun na buaiteoirí a fheiceáil. 

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí