Áthas faoi ardchéim LYIT i nGradaim Institiúid Teicneolaíochta na Bliana 2021

Áthas faoi ardchéim LYIT i nGradaim Institiúid Teicneolaíochta na Bliana 2021

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020

LYIT ainmnithe san dara háit ag Sunday Times Good University Guide 2021

Tá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) ainmnithe san dara háit ag an Sunday Times Good University Guide 2021 sa chatagóir Institiúid Teicneolaíochta na Bliana. 

Ainmníodh Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge mar Institiúid na Bliana; ainmníodh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath mar Ollscoil na Bliana 2021, agus OÉ Gaillimh san dara háit.  

Tá an Sunday Times Good University Guide ar cheann de na treoraithe neamhspleácha is cuimsithí ar chúrsaí fochéimithe in Éirinn; meastar gach institiúid tríú leibhéal in Éirinn faoi réimse critéar, ar a n-áirítear forbairtí nua, áiseanna agus naisc le tionscal agus taighde. Is minic feidhm á baint as ag mic léinn agus ag tuismitheoirí nuair atá institiúidí tríú leibhéal á roghnú acu. 

Tá Uachtarán LYIT, Paul Hannigan, áthasach faoin aithint seo: “Tá áthas orm faoin toradh seo i mbliana. Léiríonn sé diansaothar agus tiomantas na mball foirne agus na mac léinn san Institiúid. Anseo ag LYIT, táimid bródúil as an oideachas agus an fhoghlaim praiticiúil a chuirtear ar fáil do na mic léinn. Is ardtábhacht linn eispéireas na mac léinn agus táimid i gcónaí ag obair chun áiseanna agus seirbhísí um thacú le mic léinn ar an dá champas againn a neartú”. 

Deir an Sunday Times Guide: “Tá an Institiúid seo i gContae Dhún na nGall ar cheann de na hInstitiúidí is lú, ach tá pleanáil ar bun um ollscoil teicneolaíochta i gcomhar le GMIT agus IT Sligeach. Bhí meas ag na moltóirí ar chomhoibriú an tionscadail seo agus ar na tionscnaimh shuntasacha breisoideachais agus ardoideachais trasteorann ina bhfuil LYIT páirteach”. 

Dúirt an tUas Hannigan: “Is réimse lárnach forbartha ag LYIT an taighde; tá baill foirne agus mic léinn araon páirteach i dtionscadail éagsúla taighde. Ar 2 Samhain osclófar láthair nua taighde le haghaidh mic léinn mar neartú ar thaighde san Institiúid. Comórfaidh LYIT 50 bliain ar an saol in 2021. Tráth spreagúil atá anseo ag LYIT, agus sinn ag saothrú le GMIT agus IT Sligeach chun Ollscoil Teicneolaíochta a chruthú in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann”. 

Tá an Sunday Times Good University Guide á fhoilsiú anois le 19 mbliana anuas. Tugtar ann réimniú ar institiúidí tríú leibhéal in Éirinn, chomh maith le cur síos orthu agus tuairimí ó mhic léinn ar an saol acadúil iontu. Tugtar freisin liosta na gcúrsaí um chéimeanna onóracha in 2021 agus an líon pointí (céad bhabhta) do na cúrsaí seo ó iontráil 2020. 

“Tá LYIT uaillmhianach maidir leis an todhchaí agus tugaimid aghaidh ar na blianta atá romhainn le cabhair agus tacú ó bhaill foirne, ó mhic léinn agus ó pháirtithe leasmhara”, a dúirt an tUas Hannigan.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí