LYIT i gcomhpháirtíocht le 50808

LYIT i gcomhpháirtíocht le 50808

News, Student News, Staff News / Déardaoin 17 Meán Fómhair 2020

Áthas ar LYIT dul i gcomhpháirtíocht le Text 50808 – téacs-sheirbhís taca díthainmneach 24/7

Tá Seirbhís Chomhairle Mac Léinn LYIT páirteach le Text 50808, téacs-sheirbhís taca díthainmneach 24/7. Téacs LYIT chuig 50808 chun caint le saorálaí oilte. Tugann 50808 gach rud ó chomhrá calma go tacú láithreach do dhaoine atá faoi bhrú mheabharshláinte nó mothúcháin, pé acu beag nó mór é. Níl tú choíche i do aonar- tá cluas le héisteacht ann i gcónaí. 

Nuair nach féidir leat labhairt faoi – seol téacs faoi!

Chuir Nicole Murray, Comhairleoir Mac Léinn LYIT, fáilte roimh an chomhpháirtíocht: “Tá áthas orm go bhfuil LYIT i bpáirt le 50808. Uaireanta, is fusa téacs ná labhairt. Is mian leis an Seirbhís Chomhairle Mac Léinn tacú le gach mac léinn nuair a mheasann siad go bhfuil siad faoi an-bhrú. Tuigimid ó thuarascáil le déanaí ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn, National Report on Students and Covid-19, go mbeidh mic léinn oscailte um an seirbhís seo a úsáid”.  

Is é 50808 an chéad seirbhís dá leithéid in Éirinn – téacs-sheirbhís saor 24/7 - gach rud ó chomhrá calma go tacú láithreach do dhaoine atá faoi bhrú mheabharshláinte nó mothúcháin, pé acu beag nó mór é.   

Tá na Saorálaithe Éigeandála ar fáil 24/7 um théacsanna díthainmnithe faoi phráinn ar bith – briseadh suas, bulaíocht, imní, lagar spride, mothú féinmharfach. Is aidhm don seirbhís tacú láithreach a sholáthar agus daoine a chur i dteagmháil le hacmhainní a chuideoidh leo amach anseo. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí