Cruinniú míosúil Ghrúpa um maoirsiú ar ullmhú aighneachta OT
Le tacú óna mBoird Rialaithe, tá Cathaoirligh agus Uachtaráin Chomhaontas Chonnacht-Uladh tar éis fochoistí de na Boird Rialaithe a bhunú, chun an tionscnamh um Ollscoil Teicneolaíochta sa Réigiún a chur chun cinn.
Oibreoidh na trí fochoistí mar aon ghrúpa amháin, leis an aon aidhm an OT nua a chruthú tráth a hainmnithe.
Faoi réir ag na treoirlínte reatha maidir le cruinnithe agus Covid-19, tionóladh an chéad chruinniú den ghrúpa ar líne ar 1 Meán Fómhair.
Beidh cruinniú míosúil ag an nGrúpa, chun maoirsiú ar fhorbairt aighneachta um Ollscoil Teicneolaíochta a chruthú. Déanfar tuairisciú ar bhonn rialta chuig na Boird Rialaithe.