Scéim LYIT um Iasacht Ríomhairí Glúine 2020

Scéim LYIT um Iasacht Ríomhairí Glúine 2020

News, Student News, Staff News / Déardaoin 17 Meán Fómhair 2020

LYIT is delighted to be in a position to help our students by lending laptops in the coming academic year

Tá áthas ar LYIT cuidiú le mic léinn trí iasacht ríomhairí glúine sa bhliain acadúil atá romhainn. Is cuid an scéim seo den phacáiste tacaithe Covid-19 le haghaidh institiúidí breisoideachais agus ardoideachais a cheadaigh an Rialtas ar 22 Iúil 2020. Chionroinn an Roinn Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta €10 milliún de mhaoiniú caipitil mar Dheontas Aonuaire Covid-19 chun tacú le mic léinn ardoideachais faoi mhíbhuntáiste um ghléasanna TFC a rochtain. Dáilfear é seo ón UAO chuig Institiúidí incháilithe Ardoideachais.    
 
Is freagra an tionscnamh seo ar imní faoin bhearna digiteach ag éirí as an aistriú chuig foghlaim ar líne; léirigh réimse páirtithe leasmhara é seo in gcomhthéacs na struchtúr Covid-19 a cuireadh in áit chun freagairtí a chomhordú ins na hearnála breisoideachais agus ardoideachais.     
 
Tuigeann LYIT go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh gléasanna TFC ag mic léinn le linn na tréimhse seo Covid. Tuigtear freisin gur ualach ar mhic léinn na costais a bhaineann le ceangailteacht. Mar sin, tá maoiniú ar fáil ón Chiste Cúnaimh Mac Léinn mar chabhair leis na costais seo.   
 
Tá foirm iarratais don Scéim Iasachta Ríomhaire Glúine ar fáil ach cliceáil anseo. Ní mór an fhoirm iarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig thecurve@lyit.ie

Tabharfar tosaíocht do mhic léinn atá ag fáil deontais SUSI/íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus atá ins na spriocghrúpaí náisiúnta rochtana. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí