Seolann LYIT Tionscnamh ‘Just Ask’ mar chuidiú le Mic Léinn

Seolann LYIT Tionscnamh ‘Just Ask’ mar chuidiú le Mic Léinn

News, Student News, Staff News / Dé Luain 31 Lúnasa 2020

Foireann taca ar fáil um chomhairliú agus tacú le mic léinn

Aithníonn LYIT go raibh bliain dúshlánach ag rang Ard-Teistiméireachta 2020.  Gheobhaidh mic léinn ar fud na tíre torthaí na hArd-Teistiméireachta ar an Luan 7 Meán Fómhair. Tá foireann taca LYIT ar fáil um chomhairliú agus tacú le mic léinn an tráth seo. Cinnteoidh an tionscnamh ‘Just Ask’ go mbeidh gach tacú ag mic léinn chun an chéad chéim eile ar a n-aistear a ghlacadh gan dua.  

De ghnáth is tréimhse spreagúil é an t-aistriú chuig oideachas tríú leibhéal agus mic léinn ag tosú ar aistear nua ina saol. Ba cheart tacú breise a thabhairt do mhic léinn i mbliana chun a chinntiú go mbaintear taitneamh as an dul chun cinn seo. Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Bliain difriúil a bheidh againn i mbliana ach táimid ag obair gan staonadh chun a chinntiú gur bliain taitneamhach a bheidh ann. Leagaimid an-thábhacht ar thacú mac léinn anseo ag an Institiúid agus molaim do mhic léinn agus do thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh lenár bhfoireann taca ag na himeachtaí fíorúla má tá ceisteanna ar bith acu le freagairt”. 

Beidh sé imeachtaí fíorúla ar siúl ón Luan 7 Meán Fómhair go Luan 14 Meán Fómhair – dírithe ar mhic léinn Ard-Teistiméireachta, a muintir, a múinteoirí agus a gcomhairleoirí. Beidh na himeachtaí seo ar líne, ar ardáin éagsúla – Facebook, Instagram, agus ar shuíomh gréasáin LYIT:

Dé Luain 7 Meán Fómhair

Dé hAoine 11 Meán Fómhair

Dé Luain 14 Meán Fómhair

Spreagann Fiona Kelly, Oifigeach Gníomhaíochta Scoileanna, gach duine chun feidhm a bhaint as na tacaithe agus comhairlí atá ar fáil go ceann coicíse. “Féadfaidh gach duine plé leis an tionscnamh ‘Just Ask’ – mac léinn Ard-Teistiméireachta, tuismitheoir, caomhnóir, Treoir-Chomhairleoir – tá an fhoireann taca againne anseo chun comhairle a thabhairt agus cuidiú leat ar do chéad chéim eile. Beidh baill foirne as gach roinn chomh maith le foireann iontrála agus foireann taca mac léinn ar fáil um chuidiú leat.” 

Um breis eolais ar na himeachtaí seo, cliceáil ar na naisc thuas nó seol ríomhphost chuig fiona.kelly@lyit.ie.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí