Deoladh oifigiúil LYIT Dé Luain 25 Samhain ag 12.45 pm
Tá LYIT bródúil tacú le feachtas náisiúnta 20x20 chun páirtíocht ban i gcúrsaí spóirt a mhéadú faoi 20% le linn 2020.
Seolfaidh LYIT an feachtas tacaíochta 20x20 ar an Luan 25 Samhain ag 12.45 pm ar champas Leitir Ceanainn agus tá fáilte roimh chách.
Tá an feachtas á chur i láthair ag Cónaidhm Spóirt Éireann agus tá a chomhaltaí (lucht riartha náisiúnta spóirt, Comhpháirtíochtaí áitiúla Spóirt agus institiúidí tríú leibhéal) ag glaoch ar mhuintir na hÉireann agus orthusan atá páirteach i gcúrsaí spóirt páirtíocht ban a chur chun cinn le linn 2020 mar seo a leanas:
- 20% breise tuarascála faoi spóirt na mban
- 20% breise ar líon na mban atá páirteach i gcúrsaí spóirt
- 20% breise tinrimh ag imeachtaí ban faoi dheireadh 2020.
Is aidhm do 20x20 spóirt na mban a chur chun cinn mar ghné láidir agus luachmhar is fiú a cheiliúradh, ar aon leibhéal le spóirt na bhfear.
Cuireann Helen Kennedy, Bainisteoir Ionad Spóirt LYIT, fáilte roimh an bhfeachtas: “Ní hamháin gur tionscnamh iontach é seo, ach is gá é chun cothrom a thabhairt do spóirt na mban. Tá sé tábhachtach don náisiún dearcadh nua ar spóirt na mban a chothú. Tá plean gnímh agus clár leanúnach imeachtaí ag an Ionad Spóirt maidir leis seo. Orthusan tá tréimhsí ban sa halla agus Lá Oscailte do Chailíní Scoile i mí Feabhra 2020 le haghaidh Badmantain agus Eachtraí Frisbee. Cuideoidh straitéis fadtéarmach nasctha in LYIT agus leis an bpobal lasmuigh chun an tacú seo le spóirt na mban a bhuanú.”
Féadfaidh gach duine an tionscnamh seo a spreagadh, ach rud beag amháin a dhéanamh chun spóirt na mban a chur chun cinn. Seans gur múinteoir tú a chruthóidh deiseanna breise do chailíní, gur iriseoir tú a léireoidh páirt na mban i gcomórtais, gur tuismitheoir tú a fhéachann ar chluiche, nó gur duine tú a spreagann bean óg chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt...is gá duit seasamh suas os comhair an tsaoil......mar a deir an mana feachtais.....Mura bhfuil Sí le Feiceáil, Níl Sí Ann.
Cliceáil anseo chun feachtas LYIT a fheiceáil.