Fógraíonn an tAire McHugh infheistíocht €2.5 milliún um stádas ollscoile LYIT a chothú

Fógraíonn an tAire McHugh infheistíocht €2.5 milliún um stádas ollscoile LYIT a chothú

News, Student News, Staff News / Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 2019

Dúirt an tAire McHugh: “Is mian linn uile LYIT a fheiceáil ag fás agus ag leathnú mar Ollscoil. Feicimid uile sochair as ceangail níos doimhne trasteorann, an t-oideachas san áireamh.”

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, maoiniú Rialtais €2.5 milliún chun aidhm ollscoile LYIT a spreagadh agus naisc trasteorann a neartú. Roinnfear an maoiniú seo le comhpháirtithe LYIT – an Comhaontas Chonnacht-Uladh agus an Comhaontas Trasteorann um Breisoideachas agus Ardoideachas.

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Is geal le LYIT an fógra maoinithe seo ón Aire McHugh.  Coicís ó shin sheol an tAire ár bPlean Straitéiseach 2019-23; leagtar amach ansin go soiléir an aidhm againn stádas ollscoile teicneolaíochta a bhaint amach i gcomhar lenár bpáirtnéirí in IT Sligeach agus GMIT, agus an gealltanas againne um chomhoibriú trasteorann i Réigiún Cathrach an Iar-Thuaiscirt i dteannta le BOO Dhún na nGall, Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt agus Ollscoil Uladh. 

Is teist í an maoiniú seo ar threoir straitéiseach na hInstitiúide agus cuideoidh sé linn um leanúint leis an ghluaiseacht suntasach san dá thionscnamh ag an bpointe seo. 

Ceadóidh an maoiniú €2m do Chomhaontas Chonnacht-Uladh do na hInstitiúidí leanúint orthu agus na critéir um ollscoil teicneolaíochta a bhaint amach.  I mBuiséad 2020 gealladh €90m le haghaidh ollscoileanna teicneolaíochta thar trí bliana, léiriú ar ghealltanas an Rialtais um fhorbairt na hearnála seo. Beidh LYIT i gcroílár na bhforbairtí seo.

Agus idirbheartaíochtaí Breatimeachta ag dul ar aghaidh, tá sé níos tábhachtaí ná riamh tacú le tionscnaimh rathúla trasteorann. Sa Chomhaontas Trasteorann um Breisoideachas agus Ardoideachas, tá LYIT, BOO Dhún na nGall, Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt agus Ollscoil Uladh ag obair le chéile um chomhoibriú gan uaim a chothú i Réigiún Cathrach an Iar-Thuaiscirt. Ráiteas fíorthábhachtach é an maoiniú seo €500k mar thaca leis an straitéis seo agus tacóidh sé le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an réigiúin seo.” 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí