Seolann an tAire Oideachais & Scileanna Plean Straitéiseach nua LYIT

Seolann an tAire Oideachais & Scileanna Plean Straitéiseach nua LYIT

News, Student News, Staff News / Déardaoin 10 Deireadh Fómhair 2019

Léiríonn an Plean Straitéiseach gealltanas na hInstitiúide don Iar-Thuaisceart, do ghníomhú réigiúnach agus thar gach ní eile díriú na hInstitiúide ar na mic léinn

Sheol LYIT Plean Straitéiseach nua, dar teideal ‘LYIT @ 50 – ag Soláthair dár Mic Léinn agus dár Réigiún’ ar an Aoine seo caite (4 Deireadh Fómhair).  Agus an plean á sheoladh aige, dúirt an tAire Oideachais & Scileanna, Joe McHugh TD: “Tá LYIT ar thuras uaillmhianach ó 1971 anuas.  Chruthaigh uacht shaibhir oideachais díonacht ar fud an Iar-Thuaiscirt. Cuirfear le Réigiún Cathrach an Iar-Thuaiscirt le stádas Ollscoile Teicneolaíochta ag LYIT go luath amach anseo. Tá cuid mhór i ndán do LYIT san am atá romhainn”. 

Image
The “welcoming committee” for Joe McHugh, TD, Minister for Education and Skills, at the launch of LYIT's new Strategic Plan. Pictured with the Minister are (l-r): Billy Bennett, VP for Academic Affairs & Registrar; Paul Hannigan, President; Raymond Gillespie, LYIT postman of 20 plus years’ standing; and some of this year’s Student Ambassadors.

Léiríonn an Plean Straitéiseach seo gealltanas na hInstitiúide don Iar-Thuaisceart, do ghníomhú réigiúnach agus thar gach ní eile díriú na hInstitiúide ar na mic léinn. Leagtar amach sé réimse cuspóireach sa phlean: Teagasc, Foghlaim agus Measúnú; Taithí Mac Léinn; Cáilíocht; Taighde; Comhpháirtíochtaí Oideachais agus Gníomhú Réigiúnach; agus Ceannasaíocht, Rialachas agus Úsáid Acmhainní. 

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “I mbliana beidh campas Na gCealla Beaga 50 bliain d’aois agus in 2021 beidh campas Leitir Ceanainn 50 bliain ann.  Caithfidh an Institiúid leanúint mar cheannasaí sa réigiún agus feictear sin ins na himeachtaí leanúnacha againn.  Leathnaigh an gníomhú againn le lucht tionscail agus tá acmhainn breise forbartha ansin chun a chinntiú go bhfásfaidh Réigiún Cathrach an Iar-Thuaiscirt de réir mar atá molta.  Is suntasaí fós ná riamh an ghníomhaíocht trasteorann againn, go háirithe i bhfianaise na héiginnteachta maidir leis an mBreatimeacht. Tugaimid aghaidh go muiníneach ar an gcéad thréimhse forbartha eile ag an Institiúid”. 

Dúirt Fintan Moloney, Cathaoirleach LYIT: “Tá bealach LYIT’s um stádas Ollscoile Teicneolaíochta ag dul chun cinn agus is aidhm dúinn aontas comhoibritheach a chruthú lenár gcomhpháirtnéirí ag GMIT agus IT Sligeach.  Tar éis 50 bliain saothair, tá LYIT réidh chun áit a ghlacadh i dtimpeallacht Ollscoile”.  

Is é misean LYIT ná a próifíl suntasach náisiúnta um barr feabhais san ardoideachas a dhearbhú trí leanúint le clár uaillmhianach forbartha bunaithe ar pholasaí poiblí, gníomhú láidir réigiúnach, agus tiomantacht bhunúsach um éiteas lárnaithe ar mhic léinn

Féadfar Plean Straitéiseach LYIT 2019 – 2023 a fheiceáil anseo


An nuacht is déanaí

Imeachtaí