Seoltar Bailiúchán Seán Fingleton ag LYIT

Seoltar Bailiúchán Seán Fingleton ag LYIT

News, Student News, Staff News / Déardaoin 10 Deireadh Fómhair 2019

"Tá fuinneamh, paisean agus gealltanas um léiriú fírinneach ar an tírdhreach mórthimpeall air le feiceáil ina shaothar"

Ar an Déardaoin 3 Deireadh Fómhair, seoladh Bailiúchán Seán Fingleton – Saothar ar Iasacht ag LYIT.  In ainneoin droch-aimsire, bhain slua mór sásamh as an bhfáiltiú agus as réimse taibhseach ealaíne a fheiceáil. 

Image
The artist conducting a tour of the collection and explaining the context of the works on display.

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán: ‘Tá Bailiúchán Seán Fingleton an-tábhachtach don choláiste agus áthas orainn saothar an ealaíontóra seo, a bhí tráth ina mhac léinn anseo, a thaispeáint. In 2021 comórfar 50 bliain anseo le díriú ar stair na hInstitiúide.  Rinne Seán staidéar anseo ó 1976-1979. Tá sé anois ar dhuine de phríomh-ealaíontóirí na hÉireann agus tá a chuid saothair ar taispeáint ar fud an choláiste le feiceáil ag baill foirne, mic léinn agus an pobal.  Léiríonn an bailiúchán tábhacht na hInstitiúide mar bhonn le saothar Seán Fingleton agus acmhainn do na mic léinn ar fad. Gabhaim buíochas le Marianne as cuidiú leis an seoladh, le Sheila King agus Mary Daly, agus go háirithe le Seán as a shaothar a chur ar iasacht ag LYIT’.  

Image
Pictured at the launch are some of the Fine Art Students from the Class of '76 with their tutor. From left to right: Peter Nee, Eddie O'Kane (tutor), Ann Deeney, Sean Fingleton, Una McHugh and Bernie McGlynn.

Dúirt Eddie O’Kane, iar-Léachtóir Minealaíne a bhí ina Theagascóir ag Seán: ‘Tháinig mé go CRT Leitir Ceanainn in 1975 i gceannas Minealaíne. Ní raibh ach thart faoi 250 mac léinn sa choláiste an tráth sin. Bhí na mic léinn a bhain an Dioplóma Minealaíne amach ar an gcéad dream a fuair dioplóma i réimse ar bith sa choláiste. Bhí Seán Fingleton thar barr mar mhac léinn ó thús. D’oibrigh sé gan staonadh agus bhain sé triail as ábhair agus stíleanna éagsúla. Dá thoradh san tá sé anois ar dhuine de na healaíontóirí tírdhreacha in Éirinn. Is teist an taispeántas seo air agus ar na mic léinn ealaíne eile a shaothraigh anseo’. 

Labhair Marianne O’Kane Boal faoi bheith ag obair le Seán: ‘Is fear uasal é agus cleachtaí cumasach. Tá fuinneamh, paisean agus gealltanas um léiriú fírinneach ar an tírdhreach mórthimpeall air le feiceáil ina shaothar.  Is fiú go mór agus is spéisiúil é bheith ag caint le Seán le déanaí agus bheith ag scríobh faoina shaothar’. 

Image
Pictured at the launch on 3/10/19 are: (l-r) Paul Hannigan, President; Mary Daly, Estates Manager; Sean Fingleton; Eddie O'Kane (retired lecturer and Sean's tutor in Fine Art in the '70s); and Marianne O'Kane Boal, art critic and consultant.

Sheol Seán turas ar an mbailiúchán agus mhínigh sé comhthéacs an tsaothair a bhí ar taispeáint. Turas spéisiúil a bhí ann; tugadh léargas inspéise ar a phróiseas péintéireachta agus ar an bhfealsúnacht atá mar bhonn leis na radharcanna drámatúla tíre agus mara i réigiún Dhún na nGall.     Mhínigh sé gur péintéir eispriseanaíoch é go príomha, ag obair le mothú domhain, chun áilleacht agus iontas na cruinne a thabhairt chun solais. 

Tá an taispeántas saothair ar iasacht ar champas LYIT agus fáilte roimh an phobal chun é a fheiceáil. 

An tEalaíontóir

Image
Sean is pictured at the launch with his brothers, Eamonn and Donal.

Is i Málainn i gContae Dhún na nGall a rugadh Seán Fingleton. Bhain sé céim BA (Béarla & Fealsúnacht) ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Rinne sé staidéir ealaíne ag CRT Leitir Ceanainn agus sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha. 

Tá saothar uaidh le feiceáil ins na bailiúcháin seo a leanas: Comhairle Ealaíona Éireann, IMMA, Parlaimint na hEorpa, Strasbourg; Oifig na nOibreacha Poiblí; Bailiúchán Bhanc na hÉireann; Leabhar Mór na hÉireann, Gailearaí Glucksman, Corcaigh; Ospidéal Ríoga, Gloucester; agus cuid mhór bailiúchán eile, idir poiblí agus príobháideach, ar fud na hÉireann.  

Bhí taispeántais aige in iliomad áit – Gailearaí Taylor, Baile Átha Cliath; Gailearaí Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath; Gailearaí Cavanacor, Dún na nGall; Gailearaí Musashino, Tokyo agus Gailearaí Barbara Stanley, Londain. Bhí sé páirteach freisin in iliomad taispeántas tábhachtach, ina measc: Stitches and Ditches – Works from the Irish Museum of Modern Art, Enniskillen and Carrick-on Shannon, Lifescapes – Recent Acquisitions, Irish Museum of Modern Art, Twelve Landscape and Seascape Painters, Stour Gallery, Warwickshire;  2015 – Gailearaí Cathrach dlr Lexicon, Finders & Keepers agus Gailearaí Taylor.  2016 - RHA agus Gailearaí Taylor. 2017 - Facing West ag Féile Ealaíne Mhainistir na Búile agus Gailearaí Taylor. 2018 - Gailearaí Taylor. 2019 – RHA.  

Bhain sé mórán duaiseanna – ina measc Gradam GPA 1986, Gradam Ealaíontóirí Neamhspleácha 1986, Gradam RHA Fergus O'Ryan 1993 agus dhá uair ag Taispeántas Oscailte Chlár Chlainne Mhuiris. Ceapadh é ina chomhalta ag Aosdána in 2006.

Eolas Breise  

Is é atá sa bhailiúchán ar taispeáint in LYIT ná ocht n-olaphictiúr a rinneadh idir 1986 agus 2000; léiríonn siad radharcanna ó Leitir Ceanainn, radharcanna drámatúla tíre agus mara agus léirithe eispriseanaíocha ar an saol nádúrtha. 

Rinne Seán Fingleton staidéar ealaíne sa choláiste (CRT Leitir Ceanainn mar a bhí an tráth úd). Ba thábhachtach leis go mbeadh suíomh ag a shaothar anseo: ‘Baineann brí leis an saothar seo i Leitir Ceanainn. Tá cion agam ar an gcoláiste, ar an mbaile, ar an gcontae. Agus tá spéis i mo chuid saothair i nDún na nGall is féidir a fhreastal leis an iasacht seo’. Is cuimhin le Fingleton atmaisféar suaimhneach an choláiste: ‘Bhí an áit cairdiúil. Chuir sé bonn le mo ghairm ealaíne agus le mo chuid saothair dhéanaí ar fad. Meantóir láidir ba ea Eddie O’Kane.  Thug Declan McGonagle inspioráid agus spreagadh dom freisin’.

Scríobh Marianne O’Kane Boal: ‘Is fada Seán Fingleton ar dhuine de phríomh-ealaíontóirí tírdhreacha na hÉireann. Tá bealach ar leith dá chuid féin cruthaithe aige i dtraidisiún ealaíne na hÉireann a ghlacann inspioráid óna thimpeallacht nádúrtha féin. Tá cur chuige dealbhóra aige maidir le péinteáil, agus caitheann sé neart ag tógáil dromchlaí le scian phailéid.  Deir Seán Fingleton féin: ‘Is radharc um chónaí é tírdhreach. Cuirim smaointe, eispéiris, braistintí, mothúcháin agus fealsúnacht uaim féin isteach sa spás ina bhfuilim ag péinteáil’. Léiríonn sé ‘ráitis físe sa phéint, nóiméid beithe nach féidir a chur i bhfocail’. 

‘Is saintréith ins na radharcanna tíre ag Seán Fingleton's í an mhacántacht daingean. Is léirithe ardphriacail iad freisin ; tugann Fingleton aghaidh ar ghníomhú go cruinn soiléir le clampar an radhairc tíre mar atá sé, agus é ag dul i gcoimhlint lenár mbraistintí’ – Aidan Dunne


An nuacht is déanaí

Imeachtaí