Comhdháil Bhliantúil Institiúid na dTreoirchomhairleoirí le tionól ag LYIT

Comhdháil Bhliantúil Institiúid na dTreoirchomhairleoirí le tionól ag LYIT

News, Staff News / Dé Céadaoin 27 Feabhra 2019

Comhdháil Bhliantúil IGC le tionól ag Craobh Dhún na nGall IGC ar 5 - 6 Aibreán 2019 ag LYIT

Tiocfaidh Treoirchomhairleoirí ar fud Éireann chuig LYIT do Chomhdháil Bhliantúil IGC ar an Aoine 5 Aibreán agus ar an Satharn 6 Aibreán. “Cuirimid fáilte roimh an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, ‘abhaile’ go Dún na nGall agus chuig comhdháil IGC  na bliana seo, atá faoi chúram chraobh Dhún na nGall IGC”, a dúirt Beatrice Dooley, Uachtarán IGC. 
Beidh lucht taispeántais ón réimse iomlán treoirchomhairle i láthair. Is é LYIT príomh-urraitheoir na hócáide. Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Féachaimid ar an ócáid seo mar dheis iontach chun nascadh le Treoirchomhairleoirí ar fud Éireann agus tá áthas orainn tacú le Craobh Dhún na nGall IGC in eagrú na comhdhála i mbliana. Tugann sé seo deis chun áiseanna agus cláir LYIT a léiriú agus tuigimid freisin an tionchar a bheidh ag an ócáid seo ar an réigiún.” 

Fáiltíonn lucht eagair na comhdhála freisin roimh Chomhairle Contae Dhún na nGall mar urraitheoir taca agus mion-urraitheoirí  - Ollscoil Mhá Nuad agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. 

Is é an IGC an t-eagras gairmiúil do Threoirchomhairleoirí, agus tá a chuid ball ag obair le daoine óga agus le daoine fásta ar feadh an saolréime. Is é téama na comhdhála i mbliana ná “Leithleacht a Luacháil, Acmhainneacht a Bhaint Amach”; cuimsíonn sé seo ról lárnach treoirchomhairleoirí mic léinn a chumasú chun a n-acmhainneacht a thabhairt chun críche agus a luach féin a aithint. Is í Nikki Bradley an príomhchainteoir. 

Tá craobh Dhún na nGall agus Feidhmeannacht Náisiúnta an IGC ag obair go dian chun an clár a réiteach, mar is í an chomhdháil buaicphointe na bliana do threoirchomhairleoirí. Dúirt Eithne Sproule, Cathaoirleach an Choiste Eagair: “Táimidne, i gCraobh Dhún na nGall, ag suil le Céad Míle Fáilte a fhearadh roimh threoirchomhairleoirí ó cheithre áirde na hÉireann. Tá an-obair déanta againn chun a chinntiú go réiteoidh na ceardlanna le cách agus go mbeidh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach ar ardluach ar fáil. Guímid cuairt taitneamhach agus inspioráideach chuig Dún na nGall ar gach duine a thagann.” 

Tugann an chomhdháil deis um breisiú scileanna agus eolas nua ar réimse leathan ábhar a bhailiú do threoirchomhairleoirí. Imeasc na n-ábhar ins na ceardlanna i mbliana tá: tacú le daoine óga LGBT+, foetal alcohol spectrum disorder, féinmhilleadh agus féinmharú, athruithe i réimse an ardoideachais, printíseachtaí agus oiliúnachtaí, agus díonacht agus folláine do threoirchomhairleoirí.  
 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí