Léachtóir LYIT ar thoscaireacht ón Iar-Thuaisceart chuig Ollscoil Harvard

Léachtóir LYIT ar thoscaireacht ón Iar-Thuaisceart chuig Ollscoil Harvard

News, Student News, Staff News / Dé Céadaoin 27 Feabhra 2019

"Atlas don Réigiún Cathrach Iar-Thuaiscirt" – an comhthéacs a leagan um Scoil Céimithe Deartha, Harvard

An tseachtain seo caite chuaigh ionadaithe ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, agus Ionad Éireann um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach ar cuaird chuig an Scoil Céimithe Deartha in Ollscoil Harvard (GSD) chun comhthéacs a leagan don obair atá ar bun ag an scoil. Tá an GSD i mbun scrúdaithe ar an réigiún agus a acmhainneacht; tá anailís ar siúl ar thírdhreach an réigiúin chathrach agus ar na cásanna dóchúla don limistéar amach anseo in aois iar-Bhreatimeachta. 

Dúirt Eunan Quinn, Pleanálaí Sinsearach le Comhairle Contae Dhún na nGall, go dtugann an obair seo dearcadh úr ar thírdhreach an réigiúin agus féachann sé chun sainmhíniú a dhéanamh ar na ceisteanna áitbhunaithe inar féidir leis an dá údarás áitiúil leanúint orthu ag obair le chéile. 

Thug ionadaithe an Iar-Thuaiscirt diansraith léachtanna agus ceardlanna, chun na mic léinn a chur ar an eolas maidir le dearcaidh áitiúla, aghaidh a thabhairt ar bhoinn tuisceana agus luach breise a chur leis an obair atá déanta cheana féin ag GSD, faoi stiúradh an Ollaimh Gareth Doherty, Príomh-Imscrúdaitheoir an tionscadail. 

Creideann Karen Phillips, Stiúrthóir Comhshaoil agus Athnuachana le Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, gur tionscadal ar leithligh é an tionscadal seo; is acmhainn dó smaointe nua agus léargais úra a thabhairt chun cinn, a shaibhreoidh pleananna um fhorbairt an réigiúin chathrach amach anseo. 

Tá saothar allamuigh ar bun ag GSD san Iar-Thuaisceart i mí Márta; lena linn seo beidh deis ag na mic léinn  dul ag plé le pobail agus eagraíochtaí áitiúla agus tírdhreach saibhir an Iar-Thuaiscirt a scrúdú bunaithe ar thaithí phearsanta. 
 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí