Cén fáth go roghnófá LYIT?

why choose lyitIs timpeallacht foghlama nua-aimseartha, beoga agus fuinniúil í Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), áit a dtig leat do mhianta acadúla agus gairmiúla a leanúint le féinmhuinín.

Ní miste cén t-ábhar a bhfuil tú ag déanamh staidéar air, cinntíonn ár gcáil-inne do sármhaitheas acadúil agus ár ndlúthghaol le fostóirí gur féidir lenár gcéimithe a bheith muiníneach i gcónaí faoina dtodhchaí.

Le fírinne, táimid ag déanamh ceannródaíocht ar dóigh de bhrí go bhfuil an choláiste i dteagmháil le fostóirí chun a chinntiú go bhfuil ár gcuid cúrsaí go hiomlán réidh don todhchaí agus na héilimh atá ag teacht chun tosaigh in áit oibre an lae inniu. 

Le 130 clár i gceithre scoil – Gnó, Turasóireacht, Innealtóireacht agus Eolaíocht – tá ár gcuid cúrsaí chomh ilchineálach lenár gcuid mac léinn (a thagann ón chomharsanacht béal dorais ach fosta as níos mó ná 31 tír), agus maireann siad ó bhliain amháin go ceithre bliana; ag comhcheangal teoiric acadúil le forbairt scileanna praiticiúla.

Chomh maith le sin, is geata atá san LYIT go dtí an leibhéal is airde oideachais. Faigheann 70% dár mic léinn lánaimseartha deontais, ó dhámhachtainí do leibhéil teastais suas go dtí leibhéal PhD.

Agus ó tharla muid ag trácht ar PhD, ba geall nach raibh fhios agat go bhfuil PhD ag níos mó ná 40 faoin gcéad dár léachtóirí nó go bhfuil siad ag críochnú ceann. Is léargas atá ann ar ár ngrá don fhoghlaim;  paisean a spreagann muid inár gcuid mac léinn go léir chun cuidiú leo fáil chun cinn agus fanacht chun cinn.

Foghlaim tuilleadh ar cad é is cúis le LYIT a bheith ina áit ar dóigh le staideár a dhéanamh ann, ó na mic léinn atá anseo cheana féin:

Tráthnóna Oscailte Eanáir Campais Leitir Ceanainn & na gCealla Beaga 13 Eanáir 2021 5-8pm
Tráthnóna Oscailte Bealtaine
Campais Leitir Ceanainn & na gCealla Beaga 6 Bealtaine 2021 3-7pm
Lá Eolais Lúnasa  
Campais Leitir Ceanainn & na gCealla Beaga 19 Lúnasa 2021 11am - 4pm


Bhfuil tú tógtha? Tá súil againn go bhfuil. Amharc 
anseo faoi choinne gach uile faisnéis atá de dhíth ort faoi iarratas a dhéanamh le freastal ar LYIT.