Baile  ›  Comhoibriú  ›  Alumni

Alumni

AlumniGo minic, is cairde saoil iad na cairde a bhíonn agat sa choláiste. Ar an dul céanna, is nasc é an nasc leis an gcoláiste a bheith agat go deo, tá súil againn. 

Mar sin, ní dhéantar dearmad ort go deo mar chéimí LYIT, agus tá súil againn nach ndéanfaidh tú dearmad orainne trí theagmháil a dhéanamh lenár gcumann alumni.

Caidreamh le Tairbhe do Chách 

Tá roinnt bealaí ina ndéanaimid iarracht caidreamh a dhéanamh lenár alumni, atá tairbheach do chách, a áiríonn na nithe seo a leanas: 

  • Poiblíocht a sholáthar do chomhlachtaí ó thaobh na fostaíochta de dod; chomhlacht e.g. ag ár bhFéile Gairmeacha & Earcaíochta do Chéimithe
  • Taighde agus tacaíocht a sholáthar más gá do ghnólachtaí  nuathionscanta
  • Alumni a thabhairt ar ais mar aoichainteoirí chun a dtaithí a chomhroinnt
  • Deiseanna do shocrúcháin oibre a sholáthar d’ár mic léinn
  • Deiseanna fostaíochta a sholáthar d’ár mic léinn 
  • Cuidiú leis an gcoláiste le teistiméireachtaí agus, uaireanta, poiblíocht a chothú don choláiste trí phróifíl alumni 

Más mian leat ceann ar bith díobh sin thuas a phlé nó tuilleadh eolais a fháil, seol r-phost alumni@lyit.ie chun tuilleadh eolais a fháil. Is breá linn i gcónaí scéal a fháil ónár alumni.