Faigheann LYIT maoiniú AE um Thionscadal SMARTrenew

Faigheann LYIT maoiniú AE um Thionscadal SMARTrenew

News, Staff News / Dé Céadaoin 12 Nollaig 2018

Beidh LYIT i gceannas ar thionscadal AE dar luach €1.6 milliún

Fógraíonn Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) a ceannas ar thionscadal AE dar luach €1.6 milliún, SMARTrenew, atá a mhaoiniú ag clár Interreg Limistéir Imill an Tuaiscirt (NPA). Fuarthas an maoiniú iomaíoch seo faoi stiúir an Dr Nick Timmons, ceann tionscadail ag saotharlann WiSAR LYIT; bainfidh sé le teicneolaíocht chliste nuálaíoch in-athnuaite i gceantair tuaithe Thuaisceart na hEorpa, a bhrathann go mór ar bhreosla iontaise um théamh agus fuinneamh. 

Is fiú go mór go dtabharfaidh an tionscadal seo aghaidh ar cheisteanna maidir le bochtaineacht agus slándáil fuinnimh, ceist a bhaineann ach go háirithe leis an limistéar trasteorann Thiar-Thuaidh, agus le cuid mhór áit eile sa tír chomh maith. Tabharfaidh SMARTrenew nuálaíocht maidir le soláthar agus stóráil chliste fuinnimh in-athnuaite. 

Cuimsíonn an cuibhreannas eagraiochtaí mar ollscoileanna, institiúidí taighde, údaráis áitiúla, FMBanna, agus údaráis náisiúnta fuinnimh as sé thír: an Iorua, an Fhionlainn, an Íoslainn, Oileáin Fharó, Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann. Tá scileanna agus taithí acu go léir maidir le ceisteanna fuinnimh in-athnuaite a réiteach, agus cuid lárnach den tionscadal ná smaointe agus réitigh nuálaíocha a roinnt idir na réigiúin éagsúla. 

Is bua tábhachtach straitéiseach é seo don réigiún, mar tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin páirteach sa chuibhreannas. Dúirt an Dr Nick Timmons, Ceann Tionscadail LYIT, “Tá sé seo tráthúil ní amháin do LYIT ach don réigiún freisin. Le breis agus deich mbliana anuas tá Saotharlann WiSAR ag LYIT ag cur teicneolaíocht gan sreang cun cinn i gcuid mhór tionscal, fuinneamh in-athnuaite san áireamh; tugann an tionscadal seo deis um athruithe suntasacha a dhéanamh, ní amháin ar shaol an phobail agus ar an dtimpeallacht ins na réigiúin, ach freisin san eacnamaíocht áitiúil”. 

Is iad príomhaidhmeanna an tionscadail seo trí bliana ná:

  • feasacht níos mó maidir le córais in-athnuaite a spreagadh imeasc pobail agus údáráis áitiúla; 
  • a léiriú gur féidir bochtaineacht áitiúil fuinnimh a laghdú, agus slándáil fuinnimh a mhéadú i bpobail scaipthe, trí bhainistiú cliste ar fhuinneamh in-athnuaite agus stóráil teasa; 
  • a chinntiú go laghdaítear mí-úsáid fuinnimh ins na scéimeanna um fhuinneamh in-athnuaite atá ag teacht chun cinn maidir le tithe cónaithe agus foirgnimh phoiblí. 

Céim mhór chun tosaigh í seo maidir le cúrsaí taighde ag LYIT. Dúirt an Dr Pádraig Ó Gallchóir, Ceann Taighde & Nuálaíochta, “Is céim mhór í an maoiniú seo a fháil ón AE. Is téama lárnach é i Straitéis Taighde LYIT Fuinneamh In-Athnuaite a fhorbairt agus cuirfidh SMARTrenew le saothar taighde atá ar bun cheana féin sa reimse seo”. 

Beidh sé fíorthábhachtach maidir le leathnú agus inbhuanaitheacht amach anseo go nglacfaidh na páirtithe leasmhara (saoránaigh, gnóthais áitiúla, údaráis réigiúin, ionad oideachais) úinéireacht ar na nuálaíochtaí seo, ar a n-áirítear lucht déanta pholasaí, idir áitiúil agus náisiúnta, a chumasú um athruithe a fheidhmiú. Is aidhm don tionscadal “Pobail Tuaithe um Fhuinneamh Cliste” a chur chun cinn, ag a mbeidh an cumas leanúint orthu ag feabhsú a gcuid seirbhísí fuinnimh trí theicneolaíochtaí agus samhlacha nua a chomhtháthú de réir mar a aibíonn siad i ndiaidh an tionscadail. Mar thoradh ar na tionscadail beidh 18 dteach agus foirgneamh poiblí ina mbeidh córais chliste um fhuinneamh agus stóráil in-athnuaite; seirbhís chliste stórála fuinnimh ; agus seirbhís amháin um bainistiú fuinnimh in-athnuaite. 

Teideal:

An cuibhreannas atá i mbun an tionscadail ilnáisiúntach AE SMARTrenew arna mhaoiniú ag clár Interreg Limistéir Imill an Tuaiscirt (NPA). 

Ar chúl, ó chlé: 
Bjarti Thomsen, An Ghníomhaireacht Comhshaoil, Oileáin Fharó; Ragnar Asmundsson, HeatRD, an Íoslainn; Sigurour Frioleifsson, Orkusetur, an Íoslainn; Oystein Kleven, NORUT, an Iorua; John Gallagher & Paddy Mullen, Comhairle Contae Dhún na nGall. 

Chun tosaigh, ó chlé:
Heather Young & Leo Strawbridge, Comhairle Ceantair Chathair Dhoire & an tSratha Báin; Elaine Whoriskey, Dr Nick Timmons & Dr Jim Morrison, LYIT.

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí