Seolann an Cnuasach Thiar/Thair-Thuaidh tionscadal €1 milliún Attract-Transition-Succeed

Seolann an Cnuasach Thiar/Thair-Thuaidh tionscadal €1 milliún Attract-Transition-Succeed

News, Staff News / Dé Máirt 4 Nollaig 2018

Tá LYIT ar cheann de cheithre Institiúid Ardoideachais a sheolfaidh Attract-Transition-Succeed: tionscadal €1 milliún PATH 3 atá dírithe ar thacú le mic léinn ó chúlraí faoi ghannionadaíocht dul ar aghaidh chuig staidéar tríúleibhéal

Seolfaidh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) tionscadal nua €1 milliún atá dírithe ar thacú le mic léinn ó chúlraí faoi ghannionadaíocht dul ar aghaidh chuig staidéar tríúleibhéal. Bunaíodh an tionscadal Attract-Transition-Succeed mar chuid den Chlár ag an Roinn Oideachais agus Scileanna um Rochtain ar Ardoideachas (PATH 3). Is aidhm don phlean in iomlán a chinntiú go léireofar éagsúlacht agus cumasc sóisialta daonra na hÉireann ins an réimse mac léinn atá páirteach san ardoideachas, agus á chríochnú, ar gach leibhéal. 

Tá LYIT ar cheann de cheithre institiúid ardoideachais atá páirteach sa Chnuasach Thiar/Thiar-Thuaidh a fuair €1milliún chun tacú leis an obair um rochtain a leathnú agus páirtíocht rathúil a thacú san ardoideachas. Is iad Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh-Mhaigh Eo, Institiúid Teicneolaíochta Shligigh agus Ollscoil na hÉireann Gaillimh na hinstitiúidí eile atá páirteach sa Chnuasach Thiar/Thiar-Thuaidh. 

Dúirt an Dr Lynn Ramsey, Bainisteoir Tionscadail, Cnuasach Ardoideachais Thiar/Thiar-Thuaidh: “Beidh tionchar dearfach ag an Tionscadal Attract-Transition-Succeed maoinithe faoi PATH 3 maidir le deiseanna um dhul ar aghaidh chuig an tríúleibhéal sa réigiún againne. Oibreoidh na hinstitiúidí ardoideachais sa Chnuasach againne le heagrais phobail agus le scoileanna chun tacú le mic léinn ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht. Tabharfaidh LYIT cláir, scoileanna samhraidh agus deiseanna meantóireachta chun cinn do mhic léinn Ard-Teistiméireachta Fheidhmigh, mic léinn atá faoi mhíchumas agus mic léinn ó mhionlaigh eitneacha. Trí na tionscnaimh seo cruthófar bealaí ar leith chuig oideachas tríúleibhéal a chuirfidh athrú ar shaol na mac léinn agus a gclann.” 

Tá LYIT páirteach freisin sa Chiste Sparánachta 1916, a chuidíonn le daoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste rochtain ar oideachas tríúleibhéal.  Óna thús, mhaoinigh Ciste Sparánachta 1916 na céadta mac léinn ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht san ardoideachas chun tacú leo ar an mbealach oideachais tríúleibhéal. Tugann an Ciste sparánacht €5,000 i ngach bliain acadúil. Féadfaidh mic léinn glacadh le sparánacht 1916 agus deontas SUSI araon. 

Go nuige seo, tá 12 sparánacht 1916 bronnta ag LYIT ar mhic léinn a aithníodh ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch. Sa bhliain 2019/20 bronnfaidh LYIT sé sparánacht eile faoi réir na spriocanna atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna sa Phlean Náisiúnta um Rochtain. Faigheann gach mac léinn sparánachta tacú ó na seirbhísí taca mac léinn agus ionaid um rochtain ins na hinstitiúidí atá páirteach. 

Seoltar Attract-Transition-Succeed an tseachtain seo ar gach campas den Chnuasach Thiar/Thiar-Thuaidh. Tá an tionscadal á sheoladh i Seachtain Feasachta Choláiste 2018, óir is aidhm do PATH 3 tacú agus áisiú maidir le grúpaí mac léinn agus pobail atá faoi ghannionadaíocht um rochtain agus páirtíocht san oideachas tríúleibhéal. 

Teideal: Paul Hannigan, Uachtaran; an Dr Lynn Ramsey, Bainisteoir Tionscadail, Cnuasach Ardoideachais Thiar/Thiar-Thuaidh; agus Billy Bennett, Leas-Uachtarán um Ghnóthaí Acadúla agus Cláraitheoir, ag seoladh tionscadail Attract-Transition-Succeed ag LYIT.
 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí