LYIT páirteach i dtoscaireacht ardleibhéal tráchtála agus infheistíochta chuig na Stáit Aontaithe

LYIT páirteach i dtoscaireacht ardleibhéal tráchtála agus infheistíochta chuig na Stáit Aontaithe

News, Student News, Staff News / Dé Luain 12 Samhain 2018

Naoi ngnóthas ón Iar-Thuaisceart páirteach i misean tráchtála agus infheistíochta

“Tá Réigiún Chathair an Iar-Thuaiscirt ar oscailt um ghnó” – sin an scéal a roinnfidh naoi ngnóthas ó cheantair chomhairlí Dhún na nGall, Dhoire agus an tSratha Báin agus iad ar thoscaireacht ardleibhéal tráchtála agus infheistíochta go Boston an mhí seo chugainn. 

Imeasc na gcomhlachtaí ó Dhún na nGall a bheidh páirteach tá Triona Design, Fire Cloud 365 agus CFish.  Beidh Atlantic Hub, Joule Group, Northern Ireland Clinical Research Sciences, Automated Control Systems, Baronscourt Brewing Company agus Bridie Mullin Ltd ó cheantar Dhoire agus an tSratha Báin, chomh maith leis an dá Chomhairle, soláthróirí ardoideachais agus breisoideachais ón Iar-Thuaisceart, ar a n-áirítear Ollscoil Uladh, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt agus Údarás na Gaeltachta.

“Tá togra tarraingteach gnó ag Réigiún Chathair an Iar-Thuaiscirt do ghnóthas ar bith atá ag féachaint amach ar an margadh domhanda, mar táimid suite um rochtain éasca ar mhargaí na Breataine agus na hEorpa araon”, a dúirt an Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, atá i gcomhcheannas na toscaireachta le Méara Chathair Dhoire, an Comhairleoir John Boyle ó Chomhairle Ceantair an tSratha Báin.   

“Mar gheall ar an gcur chuige comhoibritheach atá glactha ag an dá Chomhairle le tamall de bhlianta anuas, táimid suite go maith mar réigiún chun na dúshláin a éireoidh i ndiaidh Brexit a fhreagairt agus freisin chun tairbhe a bhaint as na deiseanna a bheidh ann don réigiún mar gheall ar an suíomh ar leith atá againn”.

Mairfidh an misean tráchtála agus infheistíochta ó 12 go 16 Samhain. Tabharfar cuairt ar Philadelphia agus Boston, agus beifear ag tógáil ar na ceangail láidre polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha atá san dá chathair le Réigiún Chathair an Iar-Thuaiscirt. Deis iontach a bheidh ann freisin don dá Chomhairle nascadh leis an diaspóra Gaelach.   

Creideann an Méara Boyle “gur deis iontach í an misean tráchtála seo do ghnóthais atá ag cuardach teagmhálacha lárnacha agus deiseanna i margadh na Stát Aontaithe agus feidhm a bhaint as deiseanna comhoibrithe trasearnála agus trasteorann le tacú ón dá Chomhairle”. 

“Léireoidh na gnóthais atá páirteach i misean tráchtála na bliana seo go bhfuil an earnáil FBM in Iar-Thuaisceart Éireann uaillmhianach, éagsúil, díonach agus ag féachaint amach ar an saol mór”.   

Tá an turas seo mar chuid den saothar leanúnach atá ar bun ag an dá Chomhairle chun ceangail agus tionscnaimh láidre um fhorbairt eacnamaíoch a bhunú ins na Stáit Aontaithe. Beidh sé ag tógáil ar an obair atá déanta le blianta beaga anuas chun Réigiún an Iar-Thuaiscirt a chur chun cinn mar thogra tarraingteach infheistíochta, agus chun deiseanna nua margaíochta agus líonraíochta a fhorbairt le haghaidh gnóthais ó cheantair Dhún na nGall, Dhoire agus an tSratha Báin. 

Dúirt Séamus Neely, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Tá an-rath go dtí seo ar an gcaidreamh láidir comhoibritheach idir an dá Chomhairle, chun an scéal a scaipeadh gur réigiún thairsí é Iar-Thuaisceart Éireann atá inrochtana, ceangailte agus gnóchothaíoch, le fís um mórthionchar idirnáisiúnta. Mar bhonn leis seo tá clár uaillmhianach infheistíochta maidir le bonneagar, taighde, nuálaíocht agus scileanna chun a chinntiú go leanfaidh an réigiún iomaíoch maidir le costais agus acmhainní”.  

Dúirt John Kelpie, Príomh-Fheidhmeannach Chathair Dhoire agus Chomhairle Ceantair an tSratha Báin: “Tá Iar-Thuaisceart Éireann á chur chun cinn againn mar láthair infheistíochta, agus mar réigiún thairsí trasteorann ag a bhfuil acmhainní ar leith eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus comhshaoil.  Tá neart an réigiúin dá thacú ag cur chuige comhoibritheach – gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara áitiúla ag obair as láimh a chéile le tacú ó ranna rialtais láir ar dhá thaobh na teorann”. 

“Cé go bhfuil díriú láidir tráchtála agus infheistíochta leis an dturas beidh béim leanúnach ar oideachas agus ar cheangail cultúrtha agus eacnamaíocha a fhorbairt. Le blianta beaga anuas tá dul chun cinn mór déanta maidir le ceangail oideachais le Cathair Philadelphia, Cathair Boston agus conair eolais Massachusetts ag institiúidí oideachais i réigiún an Iar-Thuaiscirt. Tá sárchreidiúint tuillte ag ár gcomhpháirtithe san earnáil oideachais as an dul chun cinn seo”. 

Sa phictiúr thuas tá cuid den toscaireacht ó Éirinn a thaisteal ar an misean tráchtála agus infheistíochta i mí na Samhain 2017.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí