Cuireann LYIT fáilte roimh mhaoiniú €0.25 milliún do Bhraisle Trasteorann Breisoideachais agus Ardoideachais

Cuireann LYIT fáilte roimh mhaoiniú €0.25 milliún do Bhraisle Trasteorann Breisoideachais agus Ardoideachais

News, Staff News / Dé hAoine 12 Deireadh Fómhair 2018

Fógraíonn an tAire Mary Mitchell O’Connor leithdháileadh breise maoinithe chun tacú le forbairt ollscoile teicneolaíochta agus athstruchtúrú eile i dtírdhreach an ardoideachais

Inniu (12 Deireadh Fómhair 2018) d’fhógair an tAire Stáit don Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor, TD, €0.8 milliún breise mar mhaoiniú ar cheithre Institiúid Teicneolaíochta mar ghné dheiridh de ghlao an ÚAO 2018 ar aighneachtaí maoinithe i dtaca leis an bhforbairt ar thograí ollscoile teicneolaíochta agus tograí athstruchtúrtha eile i dtírdhreach an ardoideachais. Gheobhaidh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) €0.25 milliún den athdháileadh seo. Is iad IT Luimnigh, IT Bhaile Átha Luain agus IT Dhún Dealgan na hinstitiúidí eile a gheobhaidh maoiniú.

Leis an leithdháileadh deiridh de €0.8m a d’fhógair an tAire Stáit don Ardoideachas inniu maoineofar trí thogra uathúla thar ceithre institiúid, a bhfuil baint acu le forbairt ollscoile teicneolaíochta ach freisin a threisíonn braisliú réigiúnach comhoibríoch agus comhoibriú idir institiúidí ardoideachais agus institiúidí breisoideachais agus oiliúna, ar bhonn trasteorann freisin, agus comhtháthú ilchampais. 

Thar ceann LYIT agus a hinstitiúidí comhpháirteacha, Ollscoil Uladh, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus BOO Dhún an nGall, cuireann Uachtarán LYIT, Paul Hannigan fáilte ó chroí roimh fhógra an Aire maidir leis an maoiniú seo. Is dearbhú suntasach é seo ó Rialtas na hÉireann ar obair na n-institiúidí comhpháirteacha i ndiaidh seoladh ana braisle níos luaithe i mbliana. Tacaíonn sé freisin leis an obair shuntasach atá á dhéanamh ag na húdaráis áitiúla ar dhá thaobh na teorann trí Chomhpháirtíocht Fáis Straitéisigh an Iarthuaiscirt san fhorbairt ar Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.

Tá soláthar sa togra seo do bhealaí iontrála nua do mhic léinn, pleananna acadúla comhordaithe agus maitrís de sholáthar agus mapáil cúrsaí a dhéanfaidh freisin, le himeacht ama, láidriú ar an aimsiú trasteorann a bheidh ag an gcuibhreannas ollscoile teicneolaíochta reatha Comhaontas Chonnacht-Uladh in bhfuil Leitir Ceanainn mar chomhpháirtí le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo agus an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach. 

Dúirt an tAire Stáit Mitchell O’Connor, “Tá béim láidir ar an gcur chuige ‘dréimire scileanna’ maidir le dul chun cinn ó Bhreisoideachas agus Oiliúint chuig an Ardoideachas agus ar na deiseanna a chuirtear ar fáil roimh Brexit agus ina dhiaidh, le fócas láidir, dinimiciúil, réigiúnach ar scileanna, cur chuige a dtugaim an-tacaíocht dó.”

Tagann sé seo sna sála ar a fógra an 21 Meán Fómhair faoi leithdháilte maoinithe €11.2 milliún faoi ghlao maoinithe 2018 d’athstruchtúrú ar thírdhreach an ardoideachais, á riar ag an Údarás um Ard-Oideachas. Baineann formhór na dtograí dá bhfuil maoiniú €9.2 milliún fógartha cheana le forbairt leanúnach na n-ollscoileanna teicneolaíochta, le €2 mhilliún eile á leithdháileadh ar thograí tosaíochta Oiliúna Tosaigh Múinteoirí.

Dúirt an tAire Mitchell O’Connor, “Tá tiomantas an Rialtais léirithe d’athstruchtúrú ar thírdhreach an ardoideachais ar bhonn leanúnach agus go háirithe d’fhorbairt an n-ollscoileanna teicneolaíochta. Tuilleadh fianaise is ea maoiniú 2018, lena n-áirítear an sciar deireanach seo, ar ár dtacaíocht phraiticiúil d’fhorbairt ollscoileanna teicneolaíochta, Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus comhar agus comhoibriú idir Institiúidí Ardoideachais, lena n-áirítear ar bhonn Thuaidh/Theas, sa tírdhreach níos leithne.” 

I dtaca leis an ngné trasteorann i gcuid de na tograí atá á maoiniú dúirt an tAire Stáit, “Maidir le dhá cheann de na tograí atá á maoiniú, baineann sineirgí láidre trasteorann don fhorbairt réigiúnach leo san Oirthuaisceart agus san Iarthuaisceart. Tá áthas ar leith orm a rá go ndíríonn na tograí seo ar an mac léinn agus ar bhealaí a oscailt do dhaoine óga chomh maith le daoine ó bhealaí neamhthraidisiúnta chun dul ar aghaidh trí bhreisoideachas agus oiliúint chuig an ardoideachas, lena n-áirítear ar bhonn trasteorann. Is tráthúil iad na naisc agus an caidreamh atá á fhorbairt sa bhreisoideachas agus san ardoideachas trí Institiúidí Ardoideachais agus coláistí Breisoideachais sa dá chúinne ó thuaidh ar an oileán, a chuireann siad i gcuimhne go bhfuil na cuspóirí agus na láidreachtaí céanna againn chun todhchaí geal a chruthú dár ndaoine óga agus chun a chinntiú go mbeidh polasaithe againn i dtaca le forbairt réigiúnach agus oideachas atá ailínithe le chéile agus chun ár dtairbhe uile”.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí