Comhaontas oideachais le cuidiú le soláthar agus deiseanna san oideachas trasteorann

Comhaontas oideachais le cuidiú le soláthar agus deiseanna san oideachas trasteorann

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 23 Feabhra 2018

Tá Comhpháirtíocht an Iarthuaiscirt um Fhás Straitéiseach, i gcomhar le hInstitiúidí Ardoideachais agus Breisoideachais Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt, tar éis comhaontú nua a fhógairt i dtaca le hoideachas, oiliúint agus nuálaíocht do réigiún Chathair an Iarthuaiscirt, agus Meabhrán Tuisceana sínithe idir soláthraithe in earnáil an oideachais ar an dá thaobh den teorainn.

Image

Tagann an Meabhrán Tuisceana mar thoradh ar bhlianta de chomhoibriú rathúil idir na soláthraithe in earnáil an oideachais - Ollscoil Uladh (UU), Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt (NWRC) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) - ag féachaint le feabhas a chur ar an rochtain ar ardoideachas agus breisoideachas agus oiliúint do mhic léinn atá ina gcónaí agus ag staidéar i réigiún Chathair an Iarthuaiscirt.

Tá Comhpháirtíocht an Iarthuaiscirt um Fhás Straitéiseach faoi stiúir Chomhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin agus Comhairle Contae Dhún na nGall le tacaíocht ón an Lárionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach (ICLRD) i gcomhar leis an Oifig Feidhmiúcháin agus le Rialtas na hÉireann, agus le tacaíocht uathu.

Image

Bhí an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton T.D. i láthair ag síniú an lae inniu agus thug sé tacaíocht don Mheabhrán Tuisceana stairiúil seo, agus é á rá, “Is forbairt iontach é fógra an lae inniu do cheantar an Iarthuaiscirt. Cuirfidh an chomhpháirtíocht nua seo go mór leis an gcomhar idir na soláthraithe oideachais agus oiliúna i réimsí tábhachtacha amhail taighde, nuálaíocht agus oideachas agus oiliúint."

“Dúshlán suntasach é Brexit dár n-institiúidí ardoideachais agus breisoideachais. Trínár bPlean Gníomhaíochta don Oideachas, a fhéachann le córas oideachais na hÉireann a bheith ar an gceann is fearr san Eoraip laistigh de dheich mbliana, tá ár soláthraithe oideachais agus oiliúna á n-ullmhú againn chun freagairt don dúshlán sin. Is í inniúlacht atá mar bhonn leis an rath i réigiún ar bith agus is iad na moil láidre a thiomáinfidh an fhorbairt réigiúnach. Cuirim fáilte ó chroí le comhpháirtíocht an lae inniu, a mbeidh tionchar an-suntasach aici ar réigiún an Iarthuaiscirt.”

Image

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Gerry McMonagle go raibh an-tábhacht le síniú an chomhaontaithe don réigiún. Dúirt sé: “Déanann an Meabhrán Tuisceana forbairt ar an sárchomhoibriú a rinneadh roimhe seo idir na comhpháirtithe chun tacú leis an bhfás réigiúnach trí sholáthar a dhéanamh do riachtanais ardoideachais agus breisoideachais an Iarthuaiscirt. Cuirfidh sé ar chumas na gcomhpháirtithe obair lena chéile mar ancairí le geilleagar an réigiúin agus cuideoidh le cur chun cinn chlár oibre fáis Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt gur féidir le hinfheistíochtaí san ardoideachas agus sa bhreisoideachas a bhaint amach le breisluach do chách.”

Dúirt Méara Chomhairle Ceantair Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, an Comhairleoir Maolíosa McHugh: “Ócáid shuntasach is ea í seo d’fhás an oideachais inár réigiún agus tá sí ag teacht leis an gcuspóir atá leagtha amach ag Comhpháirtíocht an Iarthuaiscirt um Fhás Straitéiseach chun fás réigiúnach leathan a chur chun cinn in earnáil an oideachais. Tá muinín agam go gcuirfidh an Meabhrán Tuisceana an mheicníocht ar fáil don dá rialtas le dul i gcomhpháirt leis na hinstitiúidí oideachais chun ár n-uaillmhianta comhroinnte breisoideachais agus ardoideachais a bhaint amach agus tuilleadh feabhais a chur ar chomhoibriú trasteorann.”

Dúirt an tOllamh Paddy Nixon, Leas-Seansailéir Ollscoil Uladh: “Léiríonn an comhaontú stairiúil seo ár bhfís chomhroinnte chun comhpháirtíocht straitéiseach réigiúnach a chruthú don Iarthuaisceart, a thiomáineann nuálaíocht agus infheistíocht agus a sholáthraíonn oideachas tríú leibhéal comhordaithe trasteorann do mhuintir ón réigiún seo agus níos faide anonn. I dtéarmaí praiticiúla, daingníonn sé seo an comhoibriú den scoth atá ag feidhmiú go neamhfhoirmiúil cheana féin agus leabaíonn sé an múnla oibre comhpháirtíochta seo ar fud ár líonra réigiúnaigh. Ceadóidh comhaontú an lae inniu cur chuige níos comhordaithe i dtaca le conairí agus dul chun cinn do mhic léinn agus is athrú suntasach é i soláthar an oideachais den scoth san Iarthuaisceart.”

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn go bhfuil sé riachtanach braisle an bhreisoideachais agus an ardoideachais i réigiún Chathair an Iarthuaiscirt a ailíniú má tá an réigiún lena sholáthar oideachais a fhás agus a fhorbairt agus leis an tairbhe is fearr a bhaint as an inniúlacht atá ag teacht chun cinn dóibh siúd atá ag iarraidh cónaí, obair agus infheistiú sa réigiún seo.

Dúirt sé: “Tá síniú an Mheabhráin Tuisceana idir na soláthraithe oideachais sa réigiún an-suntasach agus is teistiméireacht é ar mhéid ollmhór na hoibre dearfaí atá déanta sa chúlra a chun féachaint ar an gcaoi is féidir linn boinn oideachais, taighde agus nuálaíochta a fhorbairt do réigiún an Iarthuaiscirt. Cuirfidh an chomhpháirtíocht seo ar ár gcumas cúrsaí agus cláir nua a dhearadh agus a sholáthar a thacóidh leis an bhforbairt eacnamaíochta agus shóisialta agus a chuirfidh feabhas ar éifeachtúlacht trí fhoirne agus áiseanna comhroinnte ar raon de chláir, teagasc agus taighde. Gné thábhachtach den chomhpháirtíocht seo is ea an tionchar dearfach a bheidh aige ar ár mic léinn agus an chaoi ina gcuirfear deiseanna nua ar fáil dóibh agus ina spreagfar iad agus ina gcuideofar leo chun páirt níos mó a ghlacadh i gcláir oideachais.”

Dúirt Leo Murphy, Príomhoide agus Príomhfheidhmeannach Choláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt go gcuideoidh an Meabhrán Tuisceana go mór le torthaí na Straitéise Breisoideachais agus Ardoideachais sa Chathair agus sa Réigiún. “Cuirfear fáilte roimh aon rud a chuidíonn le soghluaisteacht agus rannpháirtíocht na mac léinn agus cuideoidh an Meabhrán Tuisceana seo go mór linn cur le tuilleadh comhoibrithe trasteorann sa teagasc, san fhoghlaim agus sa nuálaíocht.”

Dúirt Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall go bhfuil muinín aici go gcuirfidh an chomhpháirtíocht seo conairí dhul chun cinn éifeachtacha ar fáil do mhic léinn agus céimithe chuig an ardoideachas. “Is dea-scéal é seo d’earnáil an oideachais san Iarthuaisceart agus is comhoibriú fíordhearfach é idir na soláthraithe oideachais ar an dá thaobh den teorainn. Cuideoidh an Meabhrán Tuisceana linn cuid mhór de na cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach atá leagtha síos inár Straitéis Breisoideachais agus Oiliúna 2014-19 chun ionchuimsiú gníomhach, pleanáil agus maoiniú comhtháite agus soláthar den scoth a chinntiú.”


An nuacht is déanaí

Imeachtaí