Fáiltíonn LYIT roimh €200m fógartha um infheistíocht in Institiúidí Teicneolaíochta

Fáiltíonn LYIT roimh €200m fógartha um infheistíocht in Institiúidí Teicneolaíochta

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair 2017

Tá maoiniú um Fhoirgneamh nua Leabharlainne, TC agus Teagaisc ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) fógartha, mar chuid den infheistíocht €200 milliún ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar Institiúidí Teicneolaíochta. D’fháiltigh Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, roimh an fhógra seo agus dúirt gur céim suntasach é maidir le fás na hInstitiúide agus an réigiúin amach anseo. Dúirt sé, “Is léiriú muiníne an fógra seo as LYIT, as an méid atá bainte amach le blianta beaga anuas agus as ardmhian na hInstitiúide amach anseo”.

Geallann an fógra ón Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton, agus ón Aire um Ardoideachas, Mary Mitchell O'Connor, maoiniú le haghaidh 11 mórthionscadal infheistíochta chaipitiúil um áiseanna nua den scoth chuig Institiúidí Teicneolaíochta ar fud na tíre.  Dúirt an tAire Bruton, “Is mian liom go mbeadh an seirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip in Éirinn taobh istigh de dheich mbliain. Tá áiseanna den scoth lárnach chun é seo a bhaint amach. Beidh na tionscadail á soláthar in gach cearn den tír, ó Leitir Ceanainn go Port Láirge agus ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath. Le críochnú na dtionscadal seo, chomh maith leis an €257m breise thar thrí bhliain a cuireadh ar fáil sa bhuiséad i mbliana, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le infheistíocht an Stáit san earnáil ardoideachais.   Léiríonn siad seo gealltanas an Rialtais um an earnáil a thacú, chun freastal ar mhéadú an daonra, riachtanais scileanna san eacnamaíocht agus timpeallacht an champais a fheabhsú le haghaidh mic léinn agus baill foirne”.

Dúirt an tAire O’Connor, “Ba mheasa an tionchar ar na hInstitiúidí Teicneolaíochta mar gheall ar an laghdú infheistíochta san ardoideachas le deich mbliain anuas. Ach dá ainneoin sin léirigh siad solúbthacht agus nuálaíocht níos mó ná aon earnáil eile. Le déanaí níor fheabhsaigh an bonneagar acu tapaidh go leor dá réir sin. 

“Inniu táimid ag tosú ar é sin a athrú. Tá cuid mhór de na hInstitiúidí ag oibriú chun stádas Ollscoile Teicneolaíochta a bhaint amach agus cuideoidh an bonneagar nua leo sa chuspóir sin. Is mór an t-athrú don earnáil é an stádas Ollscoile Teicneolaíochta a bhaint amach. Athrú suntasach struchtúrtha is ea é agus tá fáilte roimhe; is sampla é den fhís agus den smaointiú leathan atá riachtanach chun an sochaí againn a chur chun cinn”.

Dúirt John Andy Bonar, Ceann Forbartha ag LYIT, “Tá gach éinne ag LYIT lúcháireach faoin fhógra seo agus an-fháilte roimhe; creidimid go gcuirfidh sé le cumas LYIT um Éiceachóras Réigiúnach Nuálaíochta a chruthú san Réigiún Thiar-Thuaidh, ina mbeidh gnóthais de cháilíocht domhanda, pobal cruthaitheach agus earnáil oideachais atá nuálaíoch agus geallta”. 

Is é an Ghníomhaireacht Náisiúnta Forbartha Airgeadais a sholáthróidh an 11 tionscadal thar ceann an Udaráis um Ardoideachas agus na Roinne Oideachais agus Scileanna.   

Cé go bhfuil suíomh agus díriú scileanna na dtionscadal fógartha anois, déanfar measúnú teicniúil agus anailís eacnamaíoch ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go bhfaightear luach ar airgead. Beidh an próiseas seo mar bhonn eolais le scála agus scóp gach tionscadail, a fhaomhfar agus a fhógrófar roimh sholáthar in gach cás. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí