Ionadaithe LYIT ag iomaíocht sa chéad Rasaí Bád Idir-Choláistí an Iar-Thuaiscirt

Ionadaithe LYIT ag iomaíocht sa chéad Rasaí Bád Idir-Choláistí an Iar-Thuaiscirt

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 22 Bealtaine 2018

Tosaíonn Séasúr Sailability 2018 ar an bhFeabhail le Rásaí Bád Choláistí an Iar-Thuaiscirt

Bhí Rásaí Bád Choláistí an Iar-Thuaiscirt ar siúl ag Marina an Fheabhail ar an gCéadaoin 2 Bealtaine2018. Ba chríoch an ócáid le gearrchlár oiliúna do mhic léinn agus baill foirne faoi mhíchumas ó Institiúid Teicneolaíochta (LYIT), Coláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt (NWRC), an Líonra Náisiúnta Foghlama (NLN), agus Ollscoil Uladh, campas Mhig Aoidh (UU).

Image

Raymond Gillespie ó LYIT le Barry ag Rasaí Bád Idir-Choláistí an Iar-Thuaiscirt 

Bhí 16 ionadaí faoi mhíchumas ó cheithre choláistí an Iar-Thuaiscirt ag iomaíocht sa chéad Rasaí Bád Choláistí an Iar-Thuaiscirt, faoi urraíocht ag Calafort an Fheabhail. Bhí an aimsir agus an ghaoth oiriúnach agus ócáid spreagúil ann dá bharr san. Tar éis cheithre bhabhta, sa chraobhchomórtas bhí Trevor (NLN), Caolan (NLN), Reece (NWRC) agus Gary (NLN, Leitir Ceanainn).  Ba ghá fótachríoch chun a chinneadh gurbh é Gary a rug an chraobh leis, le Reece ó NWRC sna sála air. Bhí sé soiléir gur bhain gach duine a bhí páirteach sult agus sásamh as an lá. 

Dúirt Cathal MacElhatton, Cathaoirleach Foyle Sailability, “Is geal linn tacú agus díograis na gcoláistí ó mholamar an smaoineamh seo anuraidh. Táimid buíoch as a n-urraíocht agus, níos tábhachtaí fós, as rannpháirtithe a chur chun cinn don ócáid ar leith seo. Ba mhaith linn freisin flaithiúlacht agus tacú a admháil ó Fujitsu, Comhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin, Disability Sport NI, Calafort an Fheabhail agus Comhairle Contae Dhún na nGall. Bhí an ócáid seo thar cionn chun an Séasúr Sailability againn a sheoladh agus ardú meanman dar gcuid saoráluithe ar fad.” 

Dúirt Ken Curry, Rúnaí Foyle Sailability, “Bhí an-spiorad ar fud an ché do Rásaí Bád na gColáistí, ní amháin ó lucht tacaíochta na bhfoireann ach freisin ón bpobal i gcoitinne. Ní féidir linn feidhmiú gan dea-thoil agus flaithiúlacht an phobail agus mar choiste táimid an-bhuíoch as an dtacaíocht a thugtar dúinn. Táimíd ag súil le cairde nua agus seanchairde ins na seachtainí atá romhainn.” 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí