An n-oibríonn tusa san Earnáil Sláinte? An bhfuil suim agat cúrsa Máistreachta a leanúint?

An n-oibríonn tusa san Earnáil Sláinte? An bhfuil suim agat cúrsa Máistreachta a leanúint?

News / Dé Máirt 24 Aibreán 2018

Tá LYIT anois ag glacadh le hiarratais um an dara iontráil ar Mháistir Eolaíochta – Idirghabháil Theiripeach um Alcól & Drugaí Eile.

Tá LYIT ag seoladh an dara cúrsa don Mháistir Eolaíochta – Idirghabháil Theiripeach um Alcól & Drugaí Eile. Tá an cúrsa ar fáil ar bhonn lánaimseartha agus páirtaimseartha araon. Is aidhm don chúrsa mic léinn a chumasú chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar cheisteanna drugaí agus alcóil, trí úsáid a bhaint as modhanna cruthaithe téarnaimh, le cumasc idir bhunús láidir acadúil agus scileanna praiticiúla. 

Is gné lárnach den chúrsa seo go dtagann na rannpháirtithe ó chúlraí éagsúla gairmiúla, rud a chuireann leis na samplaí agus an fhoghlaim sa seomra ranga. Tugtar deis cur le bonn eolais agus ionchais ghairme agus fostaíochta na rannpháirtithe, is cuma cad é an réimse speisialta a chleachtann siad.  Tá ról lárnach ag an gclár seo chun lucht oibre a chumasú maidir le freagairt agus soláthar ididghabhálacha alcóil agus drugaí, laistigh de mhúnla ceithrechéime cóireála agus cúraim. 

Is é seo an chéad chlár dá leithéid in Éirinn. Dúirt an Dr Louise McBride, Ceannasaí ar an Roinn Altranais & Staidéar Sláinte, “Is spreagúil an bealach é seo ag an Roinn Altranais & Staidéar Sláinte dul i gcomhar leis an bhFóram Alcóil chun an clár MSc seo a sholáthar. Tugann an cumasc saineolais acadúil agus speisialach creat comhaimseartha atá bunaithe ar fhianaise, chun aidhm agus cuspóirí foriomlána an chláir a bhaint amach. Tá áthas orainn freisin bheith ar an ngearrliosta don  chomhpháirtíocht acadúil is fearr ag Gradaim Oideachais 2018, teistiméireacht eile don churaclam a thug foireann an chúrsa chun cinn”. 

Dúirt Kieran Doherty, POF an Fhóraim Alcóil, go bhfuil áthas ar an gcarthanas bheith páirteach le LYIT chun an clár Máistreachta seo a fhorbairt agus a sholáthar. “Is céim nádúrtha eile é an MSc seo don bhFóram Alcóil. Tugann sé deis do na mic léinn faisnéis agus saineolas a fhorbairt, agus tús áite a ghlacadh maidir le freagairt ar alcól agus drugaí eile ina gcuid seirbhísí agus pobail”. 

Is é 1 Meitheamh 2018 an spriocdháta um iarratais ar an gclár. Tugann an tAonad Pleanála & Forbartha Altranais & Cnáimhseachais faoiseamh cánach ar na táillí iníoctha, agus cistíonn sé mic léinn altranais agus cnáimhseachais trí chionroinnt déabhlóidithe buiséid chuig na hIonaid Altranais & Cnáimhseachais i nDún na nGall agus Sligeach. Is é deireadh mhí Bealtaine an spriocdháta iarratais don mhaoiniú seo.

Is fiú a lua freisin go soláthraíonn LYIT Máistir Eolaíochta – Leathnú Cúram Sláinte & Sóisialta, a réitíonn do dhaoine ins an seirbhísí sláinte. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na cláir seo, déan teagmháil le Dr Louise McBride ag louise.mcbride@lyit.ie.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí