Deis ag mic léinn LYIT síniú go luath le Foyle Sailability

Deis ag mic léinn LYIT síniú go luath le Foyle Sailability

News, Student News, Staff News / Dé Céadaoin 7 Feabhra 2018

Beidh deis ag mic léinn agus baill foirne faoi mhíchumas ón Iar-Thuaisceart triail a bhaint as seoltóireacht ag Rásaí Bád Choláistí an Iar-Thuaiscirt, a tharlóidh san Earrach 2018.

Ach ní gá do mhic léinn agus baill foirne LYIT, Ollscoil Uladh, Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall agus Coláiste an Iar-Thuaiscirt fanach chomh fada chun síniú um páirt a ghlacadh. Ag cruinniú le déánaí le Foyle Sailability, tugadh gealltanas agus leagadh amach amchlár. Spreagtar duine ar bith ins na heagrais atá faoi mhíchumas, agus go bhfuil fonn orthu triail a bhaint as seoltóireacht nó breis eolais a lorg, a n-ainm a chur síos um an dtaca seo

Dúirt Malachy O’Neill, Propost ar Choláiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, “Is grá linn an tionscnamh seo agus ní raibh aon leisce orainn tacú leis nuair a tháinig Foyle Sailability chugainn le togra”.

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, “Is geal linn an uileghabhálacht againn ag LYIT agus tugann Rásaí Bád na gColáistí bealach spéisiúil eile dár mic léinn agus baill foirne bheith páirteach i dtionscnamh atá difriúil”. 

Táthar ag lorg ceathrar i ngach coláiste chun foireann a chur le chéile. Tabharfar daoine gur spéis leo bheith páirteach le chéile le haghaidh seisiúin tosaigh agus seisiúin taithíochta ar bhunphrionsabail na seoltóireachta. Beidh na rásaí bád féin ar siúl ag Marina an Fheabhail i nDoire in Aibreán 2018. 

Dúirt Finneen Bradley ó Choláiste Réigiúin an Iar-Thuaiscirt, “Bhíodh club seoltóireachta againn tamall de bhlianta ó shin agus táimid ag súil le dul ar ais san uisce, gó háirithe agus an Fheabhal ar leac an dorais againn. Táimid ag tacú go hiomlán leis an dtionscnamh seo”. 

Dúirt Ciaran O’Brien, Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall, “Déanfaimid, ag Ionad Oideachais Ghartain, pé iarracht is féidir linn chun tacú leis an dtionscnamh seo. Tá deis ar leith againn anseo maidir leis an uileghabhálacht spóirt agus comhoibriú trasteorann idir na coláistí, chomh maith leis an iomaíocht chairdiúil idir na coláistí a chur chun cinn nuair a bheidh na foirne tagtha le chéile”. 

Más mian le mic léinn nó baill foirne atá faoi mhíchumas i gceann ar bith de na coláistí bheith páirteach, seol ríomhphost chuig foylesailability@gmail.com agus tabharfar treoir duit chuig ionadaí do choláiste féin. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí