Gairmí sa Ríomhaireacht

Gairmí sa Ríomhaireacht

News / Dé Máirt 6 Márta 2018

Curtha i Láthair ag Cumann Ban um Inneallra Ríomhaireachta ag LYIT

Reachtaigh Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT), i gcomhar le Cumann Inneallra Ríomhaireachta – Mná (ACM-W), ócáid dhá lá um Cheiliúradh Gairmí Ríomhaireachta. Ba chuid an ócáid seo de shraith dar teideal ACM Ceiliúradh Ban sa Ríomhaireacht. Bhí ócáidí eile dá leithéid ar fud an domhain. Ar feadh tréimhse dhá lá, díríodh ar eolas a sholáthar maidir leis na cineálacha gairmí atá ar fáil sa tionscal ríomhaireachta, agus ar na scileanna atá á lorg ag comhlachtaí nuair atá iarrthóirí faoi agallamh acu. 

Image

Lucht freastail ar Cheardlann Ailtireachta Freastalaí le Mariana Bocoi, Klarna

Bhí Aonach Gairmí Riomhaireachta ar an gcéad tráthnóna. Bhí cuid mhór ban ó chomhlachtaí ríomhaireachta i láthair. Ar na comhlachtaí ó dhá thaobh na teorann a bhí i lathair bhí: Ignite, Microsoft, AllState, Fujitsu, Klarna, Cloud Ranger, Gartan Tech, Intuity, Optum and Cyberrisk Aware. Thug ionadaithe na gcomhlachtaí seo comhairle maidir le scileanna iarrthóirí a fheabhsú agus a gcuid CV a dhíriú ar chomhlachtaí ar leith.  

Bhí deis freisin ag an lucht freastail páirt a ghlacadh i gceardlanna éagsúla, mar Serverless Architecture ag Mariana Bocoi, Continuous Integration le Michael McGrath, agus BlockChain Revolution le Previn Kutty, nó an Hackathon a d’eagraigh Microsoft. 

Image

Lucht freastail Hackathon le Stephen Howell, Microsoft

Dúirt Ruth Lennon, Léachtóir sa Ríomhaireacht agus eagraí ócáide ACM-W, go bhfuil gá le hócáidí a ligeann do mhic léinn a gcuid scileanna a thaispeáint agus na deiseanna atá ar fáil dóibh i réimsí nua spéisiúla a chur i gcrích. Dúirt Ruth gur ‘iontach an rud é réimse leathan comhlachtaí a fheiceáil ag teacht go Leitir Ceanainn chun bualadh leis na mic léinn cumasacha atá againn”. 

Tá Roinn na Ríomhaireachta ag LYIT i gcónaí ag spreagadh mná chun cúrsaí ríomhaireachta a roghnú. Ar na tionscnaimh is déanaí ag an Roinn tá Mná sa Ríomhaireacht – ócáid débhliantúil do mhic léinn iar-bhunscoile, scoláireachtaí, etc.  Dúirt Thomas Dowling, Ceannasaí na Roinne, “is breá linn i gcónaí oibriú leis an dtionscal chun an iliomad deiseanna atá ar fáil do mhná sa ríomhaireacht a léiriú”. 

Fáiltíonn LYIT roimh iarratais ó gach cineál iarrthóra ar na cláir fo-chéime agus iarchéime a thosóidh i mí Mheán Fómhair. Um breis eolais féach Find a Course nó seol ríomhphost chuig thomas.dowling@lyit.ie


An nuacht is déanaí

Imeachtaí