Gradaim Ghaisce Mac Léinn

Gradaim Ghaisce Mac Léinn

News, Student News / Dé Luain 16 Aibreán 2018

Bronnadh Gradaim Ghaisce Mac Léinn LYIT na bliana seo Dé Céadaoin seo caite, 11 Aibreán, ins an Óstán Radisson Blu Hotel, Leitir Ceanainn. Is aitheantas agus ceiliúradh é seo ar na himeachtaí siamsaíochta a ritheann lucht stiúrtha clubanna agus cumainn imeasc na mac léinn.   

Image
 

Imeasc na ngradam a bronnadh bhí: an Comhalta Club is Fearr, Gradam Treoraithe, an Cumann is Fearr, agus an Gradam um Idirphlé Cathartha, Carthanachta agus Pobail; is gradam é seo a bhfuil ardmheas air imeasc institiúidí oideachais tríú leibhéal, agus bronntar é ar an gclub a bhí chun tosaigh maidir le hidirphlé leis an bpobal áitiúil. 

Image

Dúirt Séamus Neely, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus aoíchainteoir na hoíche a bhronn na gradaim, gur ceiliúradh é ar shaothar na ndaoine agus na bhfoireann a bhí páirteach ins na Clubanna agus na Cumainn. Thréaslaigh sé do na clubanna agus do na daoine a ainmníodh agus mhol sé a gcuid oibre. 

Image

Leag sé béim freisin ar thábhacht na gclubanna agus na gcumann maidir le taithí na mac léinn ar shaol an choláiste, go háirithe maidir le hullmhú do ghairmí amach anseo, mar fhostaithe nó mar fhiontraithe. Ar na scileanna a fhoghlaimítear tá oibriú i bhfoirne, bainistiú ama, eagrúchán, buiséadú agus plé le daoine, scileanna a bheidh luachmhar amach anseo sa saol gnó agus fostaíochta. 

Image

Bronnadh Scoláireachtaí Club & Cumann ar sheachtar iarrthóir. Fuair gach duine de na buaiteoirí, lucht stiúrtha club agus cumann, duaiseanna airgid mar aitheantas ar a n-iarrachtaí.

Image

Bhronn Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, na scoláireachtaí ar na buaiteoirí agus mhol sé na clubanna agus na cumainn uile as an méid a dhéanann siad i saol an choláiste taobh amuigh den seomra ranga. Thagair sé freisin do shuirbhé le déanaí sa réigiún, a léirigh gurbh iad cumas um oibriú i bhfoirne, dianseasmhacht agus éirim mhothúchánach na cáilíochtaí lárnacha atá á lorg ag fostaitheoirí.

Image
 

Léirigh sé freisin go dtacaíonn forbairt phearsanta an mhic léinn leis an láthair oibre amach anseo. Ag tagairt don Chlár Scoláireachtaí Club & Cumann, mhol sé do na mic léinn atá ag cur isteach ar scoláireachtaí a chinntiú go leanann siad leis an saothar acadúil i gcomhchéim leis na himeachtaí club, i dtreo is go gcoimeádtar cothromaíocht idir an dá ghné.  Thréaslaigh sé do Josephine Wilson, Paddy Gallagher aagus gach duine a bhí páirteach in eagrú na hócáide, agus ghaibh sé buíochas le coistí na gClub & Cumann agus le hAontas na Mac Léinn as a gcuid oibre.  

Image

Ba iad seo leanas na buaiteoirí: 

Buaiteoirí na nGradam Club & Cumann

  • Jo Lau Ezer, Club Ultimate Frisbee, an Comhalta Club is Fearr 2018
  • An Cumann Afra-Chairibeach, Gradam um Idirphlé Cathartha, Carthanachta & Pobail 2018 
  • Lukas Vymlatil, An Cumann Idirnáisiúnta, Gradam Treoraithe 2018
  • An Cumann Idirnáisiúnta, an Cumann is Fearr 2018

Buaiteoirí Scoláireachtaí Club & Cumann

  • Jo Lau Ezer, Club Ultimate Frisbee 
  • Diana Gango, An Cumann Idirnáisiúnta
  • Elisia Gormley, An Cumann LGBT+ 
  • Rebecca Ross, An Cumann Badmantain 
  • John Ugwu, An Cumann Afra-Chairibeach
  • Lukas Vymlatil, An Cumann Idirnáisiúnta 
  • Victoria Wilson, An Cumann Badmantain

Buaiteoirí na nGradam Spóirt

  • Makenzie Burud (Cispheil na mBan), Gradam Réalta Spóirt 2018
  • Fearghal Harkin (Sacar na bhFear), Gradam um Aitheantas Speisialta Spóirt 2018
  • Foireann Sacair na mBan, Foireann na Bliana 2018

An nuacht is déanaí

Imeachtaí