Fáiltíonn Uachtarán LYIT roimh rith an Bhille um OT

Fáiltíonn Uachtarán LYIT roimh rith an Bhille um OT

News / Dé hAoine 16 Márta 2018

Ullmhaíonn Comhaontas Chonnacht-Uladh don chéad chéim eile – aighneacht um ainmniú OT

Chuir Paul Hannigan, Uachtarán LYIT, fáilte roimh rith an Bhille um Olscoileanna Teicneolaíochta sa Seanad. Réitíonn sé seo an bealach don Chomhaontas Chonnacht-Uladh (CCU) dul ar aghaidh chuig an chéad chéim eile – iarratas ar ainmniú mar Ollscoil Teicneolaíochta don Iarthar/Iar-Thuaisceart.  

Is é atá san CCU ná comhpháirtíocht straitéiseach ag na hInstitiúidí Teicneolaíochta sa réigiún Chonnacht-Uladh – LYIT, Institiúid Teicneolaíochta Ghaillimh-Mhaigh Eo, agus Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. 

Dúirt an tUas Hannigan, “Is geal le LYIT agus an CCU go bhfuil an Bille um Ollscoileanna Teicneolaíochta rite trí thithe an Oireachtais agus nach fada anois go síneofar ina dhlí é.  Ar na critéir um ainmniú áirítear dianspriocanna uimhríocha ar leith maidir le cáilíochtaí foirne agus obair thaighde, próifíleanna mac léinn fo-chéime agus iarchéime, agus údarás tarmligthe a leathnú ar Leibhéal 10 (staidéir ar leibhéal dochtúra). Tá tábhacht freisin le critéir maidir le rialachas, naisc seachtracha agus gníomhaíocht idirnáisiúnta.”

Ag fáiltiú di roimh rith an Bhille OT sa Seanad, dúirt an tAire Stáit um Ardoideachas, Mary Mitchell O’Connor, “Beidh an reachtaíocht seo mar bhonnchloch chun institiúid ardoideachais de chineál nua a fhorbairt, ag tógáil ar neartanna agus misean na n-institiúidí teicneolaíochta chun ollscoileanna teicneolaíochta ar cháilíocht domhanda a chur chun cinn. Tabharfaidh ollscoileanna teicneolaíochta deis chun forbairt réigiúnach a chothú agus deiseanna breise a sholáthar do dhaoine aonair, don fhiontar agus don phobal.”  

Dúirt an Dr Joseph Ryan, POF THEA (an Cumann Ardoideachais Teicneolaíoch), “D’oibrigh na hinstitiúidí againne ar fud na tíre le blianta anuas chun caighdeáin a ardú agus chun cur le taithí na mílte mac léinn a chuaidh i mbun cláir staidéir agus taighde. Thug na hinstitiúidí deis um ardoideachas do chuid mhór daoine nach mbeadh a leithéid de sheans acu dá n-éagmais. Chuir na sochair shuntasacha pearsanta leis na buntáistí sóisialta agus eacnamaíocha don tír ar fad; táthar ag súil go mbeidh tionchar níos mó fós ag na hOllscoileanna Teicneolaíochta, tionchar a bhraithfear i ngach cearn den tír. Cuirfidh siad leis an éagsúlacht atá le feiceáil cheana féin san earnáil teicneolaíoch agus fáiltíonn THEA ó chroí leis an dul chun cinn seo.”

Tá buiséad le haghaidh 2018 aontaithe ag an CCU. Díreofar an caiteachas seo ar chumas na bpáirtnéirí um chritéir OT a chomhlíonadh, go háirithe trí thacú la saothar taighde a leathnú trí spáranachtaí iarchéime, tacú le hIonaid Straitéiseacha Taighde agus cuidiú le baill foirne maidir le cur lena gcáilíochtaí. Beidh grúpaí oibre ins na trí institiúidí ag féachaint ar straitéisí, próisis agus cleachtais chun bealaí comhoibrithe a aimsiú i réimsí mar thaighde, rialachas, comhtháthú seirbhísí TF agus pleanáil acadúil.  Beidh i gceist anseo comhairliúchán níos leithne le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha – mic léinn agus baill foirne, comhlachtaí, lucht ionadaíochta gnó agus pobail, agus eagrais ghairmiúla. 

Um breis eolais maidir leis an CCU, féach http://cualliance.ie/

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí