Tionólfaidh LYIT an dara lá um Fheasacht & Inbhuanaitheacht Fuinnimh ar 23/11/17

Tionólfaidh LYIT an dara lá um Fheasacht & Inbhuanaitheacht Fuinnimh ar 23/11/17

News, Student News, Staff News / Dé Luain 13 Samhain 2017

Tionólfaidh LYIT an dara lá um Fheasacht & Inbhuanaitheacht Fuinnimh ar an Déardaoin 23 Samhain  2017.  Is aidhm don ócáid cur le feasacht faoi áthrú aeráide, ceann de na dúshláin is tromchúisí atá os comhair an domhain inniu. Tabharfar suntas do na hathruithe is féidir le gach duine againn a dhéanamh chun an tionchar atá againn ar an gcomhshaol a mhaolú. 

Ar an lá san, beidh taispeántais ar siúl ag foireann Champais Ghlais LYIT chun aird a tharraingt ar an díobháil don chomhshaol ó phlaistigh aon uaire. Tabharfaidh Voice Ireland, tríd an gclár Recycling Ambassador, comhairle maidir le dramhaíl a scaradh chun an truailliú in araidí athchúrsála tí a laghdú.  Léireoidh baill foirne LYIT, OPW agus soláthróirí áitiúla an teicneolaíocht is déanaí a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus beidh deiseanna chun triail a bhaint as feithiclí leictreacha. 

Bedh tástálacha corpacmhainne ar fáil ó fhoireann spóirt LYIT, agus comórtas postaeir bunaithe ar théama an chomhshaoil do mhic léinn idirbhliana ó scoileanna áitiúla iar-bhunoideachais.  Beidh clár léachtanna ar ábhair mar athrú aeráide agus polasaí aeráide, coigilt fuinnimh sa tigh cónaithe agus taighde teicneolaíochta um fhuinneamh in-athnuaite. 

Beidh an ócáid ar siúl ó 10 am go 2.30 pm ar champas Leitir Ceanainn. Beidh na taispeántais suite sa phríomhfhoirgneamh ar an ‘sráid’ inmheánach agus beidh na léachtanna ar siúl i seomra 1103.  Tá an ócáid ar oscailt don phobal agus tá fáilte roimh chách. 

Is cuid de chlár níos leithne um inbhuanaitheacht fuinnimh ag LYIT é an Lá um Fheasacht & Inbhuanaitheacht Fuinnimh. Seoladh iarratas um Brat Ghlas le haghaidh LYIT chuig An Taisce in Bealtaine 2017.  Trí chlár an Bhrait Ghlais tabharfaidh LYIT aghaidh ar théamaí inbhuanaitheachta comhshaoil – fuinneamh, bainistiú dramhaíola, bithéagsúlacht agus trasiompar inbhuanaithe. Tá LYIT mortasach as an méid atá déanta ann le blianta anuas maidir le caiteachas fuinnimh a laghdú.  De bharr na n-iarrachtaí sin, tá ardghrádú bainte amach ag LYIT imeasc eagrais phoiblí a ndéanann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann monatóireacht orthu.  Thug Grúpa Leitir Ceanainn na mBailte Slachtmhara aitheantas do thionscnamh an Bhrait Ghlais trí Ghradam Speisialta Comhshaoil mar chuid den 32ú Feachtas Bliantúil 2017 um Pobal níos Glaine. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí