LYIT chun tosaigh maidir le múinteoirí a oiliúint i bPrionsabail Chódúcháin

LYIT chun tosaigh maidir le múinteoirí a oiliúint i bPrionsabail Chódúcháin

News / Dé Luain 19 Feabhra 2018

Sheol LYIT an Teastas Ríomhaireachta – Prionsabail Chódúcháin do Mhúinteoirí in 2017 agus tá sé ag dul i neart ó shin. Thosaigh dream nua múinteoirí ar an gcúrsa i mí Feabhra 2018; tá múinteoir amháin ar a laghad ó gach meánscoil i nDún na nGall ar an gclár reatha. Ní as Dún na nGall amháin dóibh siúd atá ar an gcúrsa; tá múinteoirí ag teacht ó Chiarraí chun freastal ar an gclár ar leith seo, a bhfuil aitheantas tugtha dó ag an gComhairle Mhúinteoireachta.  

Tá béim bhreise ar ríomhaireacht a mhúineadh ins na scoileanna agus fógraíodh le déanaí go mbeidh Ríomheolaíocht ar chlár na hArd-Teistiméireachta ó 2018 ar aghaidh; ní hionadh mar sin go bhfuil fás thar cionn tagtha ar an gclár seo le dhá bhlian anuas. Cuirfidh baill foirne ó LYIT an clár ar siúl freisin ag Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain, chomh maith leis an gcúrsa ar champas Leitir Ceanainn. 

Dúirt Thomas Dowling, Ceannasaí ar an Roinn Ríomhaireachta, “D’fhás an Teastas Ríomhaireachta – Prionsabail Chódúcháin do Mhúinteoirí as éileamh ó mhúinteoirí. Tá an clár le reachtáil ó Ionad Oideachais Bhaile Átha Luain mar gheall ar éileamh, agus éascaíocht rochtana do mhúinteoirí sa cheantar mórthimpeall ansin. Is clár ar leith é seo, dámhachtain 10 gcreidiúint chun críche ar leith agus aitheantas aige ón gComhairle Mhúinteoireachta. Tá clár leanúna 10 gcreidiúint tugtha chun cinn againn do mhúinteoirí gur mian leo cur lena scileanna sa réimse seo, agus táimid anois ag iarraidh creidiúnaithe um Ard-Teastas (HDip) Ríomhaireachta – Códúchán do Mhúinteoirí agus Oideachasóirí. Is cuid den chúrsa Ard-Teastais atá molta againn an dá mhodúl 10 gcreidiúint; mar sin sa chás go gcríochnaíonn múinteoirí na modúil seo, roimh sheoladh an Ard-Teastais, beidh siad i dteideal díolúine ón dá mhodúl seo ar an gcúrsa 60 creidiúint.”  

“Is é LYIT an t-aon Institiúid Teicneolaíochta atá i mbun cláir den chineál seo. Tá bród orainn bheith chun tosaigh maidir le tacú le muinteoirí gur mian leo a gcuid staidéar ríomhaireachta a chur chun cinn. Is mian linn cláir a fhorbairt a fhreagraíonn do riachtanais mhúinteoirí dara leibhéal mar chabhair dóibh chun clár nua Ríomheolaíochta na hArd-Teistiméireachta a fheidhmiú. Faoi láthair tá 40 múinteoir againn ar an gcúrsa seo, ó áiteanna mar Bhéal Feirste, Droichead Átha, Ciarraí agus Port Láirge. Táimid cinnte go leanfaidh an cúrsa seo go buacach amach anseo. Chríochnaigh breis agus 50 múinteoir an clár go dtí seo, agus faoi láthair tá 27 múinteoir páirteach ar an gclár leanúna.  Tá aiseolas den scoth faighte againn ó chéimithe na gclár go dtí seo. Is léir, ón ardlíon rannpháirtithe agus cuid mhór acu lasmuigh den chontae, go bhfuil clár á sholáthar againn a fhreagraíonn do riachtanais mhúinteoirí i láthair na huaire.” 

Chun breis eolais a fháil maidir leis an dTeastas Ríomhaireachta – Prionsabail Chódúcháin do Mhúinteoirí, nó maidir le cláir leanúna atá ar fáil ón Roinn Ríomhaireachta, déan teagmháil le thomas.dowling@lyit.ie.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí