Bronnadh Céime ag teacht do Chéimithe LYIT

Bronnadh Céime ag teacht do Chéimithe LYIT

News / Dé Céadaoin 11 Deireadh Fómhair 2017

Céimeanna le Bronnadh ar Chomhraiceoirí Dóiteáin Bhaile Átha Cliath ag LYIT

Ar an Aoine 27 Deireadh Fómhair i Leitir Ceanainn agus ar an gCéadaoin 1 Samhain ar na Cealla Beaga, bronnfar ceimeanna LYIT ar nach mór 1,200 mac léinn ó Éirinn agus thar lear. Is ildánach an meascadh mac léinn a bhfuil céimeanna le bronnadh orthu – iarrthóirí CAO, mic léinn lánaosta, mic léinn as Éirinn agus as tíortha eile, lucht staidéir lánaimseartha agus páirtaimseartha, iad ar fad i mbun réimse leathan cúrsaí, ar leibhéil éagsúla. Éacht mór é do dhuine ar bith céim a bhaint amach. Tá a fhios ag gach duine a chríochnaigh oideachas tríú leibhéal gur mó íobairt is gá a dhéanamh chun an sprioclíne a bhaint amach. 

Is maith atá a fhios san ag grúpa amháin mac léinn páirtaimseartha. Ba mhinic feithicil ó Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath lasmuigh de LYIT le dhá bhliain anuas, cé nach raibh aon éigeandáil i gceist. Gach Déardaoin ar feadh trí seimeastair thaisteal grúpa seachtar mac léinn ó Bhaile Átha Cliath agus iad ag freastal ar léachtanna um chéim BSc (Onóracha) in Innealtóireacht Sábháilteachta Dóiteáin.  Bhí céim BE in Innealtóireacht Sábháilteachta Dóiteáin faighte acu cheana féin ó DIT ar bhonn páirtaimseartha. Bhí na mic léinn seo ar fad ar fostaíocht ag seirbhísí dóiteáin – Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Iarnród Éireann agus Comhairle Contae Loch Garman. Ba theist ar a ndíograis gur minic a dúradh go rabhadar sa rang roimh na mic léinn áitiúla ag 9.30 am!  

Dúirt Cathal Ryan, duine de na céimithe, “Bhíos sa ghrúpa seachtar a bhain amach an chéim seo ag LYIT. Bhí an t-ádh linn áit a fháil ar an gclár seo, ach níorbh aon dóichín é an cúrsa. Turas seacht n-uaire an chloig timpill a bhí ann gach Déardaoin, ag tosú ag 4.30am, agus cuid againn ag tosú ó bhaile roimhe sin, gan trácht ar thréimhse na léachtanna!  

Réitigh an ghairmiúlacht dochreidte agus feabhas an lucht teagaisc ag LYIT an bóthar seo romhainn. Chuidigh an t-am a chaitheamar ag LYIT lenár bhforbairt mar innealtóirí dóiteáin. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Rory McShane, Paddy Lennon & Anne Bonner as a dtacaíocht agus a gcúnamh le linn an chláir. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le Patrick Flemming, príomhoifigeach Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, as tacú agus cúnamh leanúnach le linn an chláir againn.  

Ar deireadh, tréaslaím le mo chomrádaithe ar an gcúrsa as an éacht atá déanta acu. Thángamar i dteannta a chéile trí chuid mhór ócáidí ó 2011 anuas ag DIT agus LYIT – póstaí, breith leanaí, cailleadh daoine muinteartha. Go n-éirí go geal libh amach anseo – maith sibh ar fad.”

Dúirt Anne Bonner (Ceannasaí ar an Roinn Innealtóireachta Sibhialta agus Tógála), “Tá an BSc (Onóracha) in Innealtóireacht Sábháilteachta Dóiteáin ar bun ag LYIT ó 2001 anuas. Is iondúil an cúrsa leantach a dhéanamh thar dhá bhliain, ag freastal ar ranganna dhá lá sa tseachtain. Nuair a tháinig an grúpa seo chugainn ó DIT, d’fhéachamar ar an méid a bhí déanta acu cheana; shocraíomar clár chun an chéim onóracha a chríochnú i 20 mí, ag freastal ar lá amháin gach seachtain le linn an téarma.  Éacht ab ea é lá ocht n-uaire an chloig a chur isteach chomh maith le turas go Leitir Ceanainn agus ar ais, ach ghlacadar an dúshlán le fonn. Ag féachaint ar na torthaí acu, is léir gur luíodar isteach ar an obair agus ba mhór ab fhiú an saothar!” 

Tá an grúpa seo céimithe ag féachaint chuig an bronnadh céime atá romhainn agus fagfaidh siad slán ansin le Leitir Ceanainn. Ach tá grúpa nua ochtar mac léinn (ó Bhaile Átha Cliath agus Gaillimh) tosaithe cheana féin ar an gcúrsa dúshlánach seo. 

Cuireann LYIT failte ar ais chuig na céimithe ar fad don bhronnadh céime, agus fáilte freisin roimh aon duine gur mian leo tosú nó filleadh ar bhreisoideachas. Tosaigh do chuardach ar www.lyit.ie – ca bhfios ach go mbeifeása mar chuid de rang 2020.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí