Comóradh 13 bliana ag Aonach Gairmí & Staidéir Iarchéime LYIT

Comóradh 13 bliana ag Aonach Gairmí & Staidéir Iarchéime LYIT

News / Dé Luain 16 Deireadh Fómhair 2017

Beidh Aonach bliantúil Gairmí & Staidéir Iarchéime LYIT ar siúl ar champas Leitir Ceanainn ar an Luan 23 Deireadh Fómhair ó 12-3pm. Seo an 14ú bhliain den ócáid, atá lárnach i bhféilire LYIT. Tacaíonn an tAonach Gairmí & Staidéir Iarchéime mic léinn, céimithe agus daoine fásta ag LYIT atá ag breathnú ar roghanna gairme le linn a gcuid staidéar agus ina dhiaidh sin. 

Glacfaidh breis agus 80 eagras páirt in ócáid na bliana seo – fostaitheoirí, ollscoileanna, coláistí, eagrais ghairmiúla, gníomhaireachtaí comhairliúcháin um thosú gnó agus eagraíochtaí deonacha a thairgíonn taithí oibre sa bhaile agus i gcéin. Is dreamanna a bhí páirteach anseo cheana cuid mhór díobh seo. Dúirt Catherine Lyster, Oifigeach Gairmí agus eagraí na hócáide, “Is í seo an ócáid ghairmí is mó san Iar-Thuaisceart, le réimse agus cáilíocht an lucht earcaíochta den scoth. Tá fostaitheoirí againn ó réimse an-leathan earnála, ar a n-áirítear TF, Cógaisíocht, Airgeadas, Cúram Sóisialta, Dlí agus Teileachumarsáid.” 

Dúirt Catherine, “Is fostaitheoirí a bhí anseo cheana iad cuid mhór díobh atá rannpháirteach san ócáid seo. Tagann siad ar ais anseo bliain i ndiaidh bliana toisc gur éirigh leo céimithe le cumas agus scileanna praiticiúla a earcú.”

Áirítear ar na scileanna atá á n-éileamh Forbróirí Feidhme, Eolaithe Bia, Speisialtóirí Tionscadail, Anailísithe Sonraí, Suirbhéirí Cainníochta, Speisialtóirí Margaíochta agus cuid mhór eile. 

Ceann de na fostaitheoirí atá ar ais anseo i mbliana is ea Aurivo. Dúirt Michael Henry, Oifigeach Daonacmhainne Aurivo, “Tá Aurivo páirteach san ócáid seo ó 2014 anuas, agus sinn ag lorg céimithe Talmhaíochta agus Bia-Eolaíochta. Tugtar deis dúinn anseo teagmháil lé céimithe den scoth ins na réimsí seo. Anuraidh, d’fhostaigh Aurivo Caoimhe O’Leary, céimí Bia-Eolaíochta LYIT, ar ‘Chlár Céimithe Aurivo’ – teagmháil a éirigh trí Sheirbhís Ghairmí LYIT. D’éirigh thar cionn le Caoimhe ón chéad lá. Bhí na scileanna aici a theastaigh uainn  agus tá sí faoi bhláth againn ó shin. Beidh Caoimhe ar an seastán againn i mbliana. Molaim go mór an ócáid seo do ghnóthais atá ag lorg céimithe le hardscileanna.”

Chomh maith le deiseanna fostaíochta, beidh soláthróirí cúrsaí iarchéime ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe páirteach, le réimse leathan cúrsaí ó theiripe spóirt go dlí chearta daonna! Beidh eolas faoi phríntíseachtaí ar fáil freisin, mar is féidir céimeanna ar leibhéal máistreachta/ónóracha a chríochnú i réimsí mar árachas, cuntasaíocht agus seirbhísí airgeadais.

Is fiú dóibh siúd gur mian leo treimhse a chaitheamh thar lear féachaint ar an gclár JET um thaithí oibre sa Seapáin, agus ar an gclár Washington-Ireland, clár ceannasaíochta bliana ina bhfuil intéirneacht samhraidh le Seanad SAM agus USIT.  

Mar thaca leis an ócáid sa phríomh-halla, beidh roinnt seimineár i rith an lae, ar a n-áirítear caint faoi Mhúinteoireacht sa Ríocht Aontaithe, caint ó Scoil Gnó Choláiste na Tríonóide agus cuid mhór eile. 

Bí cinnte go gcuireann tú an ócáid seo ar bharr an liosta sa dialann agat!


An nuacht is déanaí

Imeachtaí