An Hackathon is mó san Iar-Thuaiscirt ag LYIT i gcomhpháirtíocht le Pramerica

An Hackathon is mó san Iar-Thuaiscirt ag LYIT i gcomhpháirtíocht le Pramerica

News / Dé Luain 9 Deireadh Fómhair 2017

Le linn deireadh seachtaine 13 – 15 Deireadh Fómhair, bhí an chéad ócáid Hackathon riamh ag LYIT, an Fintech 2025 Hackathon i gcomhpháirtíocht le Pramerica. Seoladh an ócáid tráthnóna Dé hAoine ag campas nua Pramerica, ag aistriú chuig campas LYIT ar an Satharn agus an Domhnach. 

Ócáid speisialta a bhí anseo do na comhpháirtithe uile (ar a n-áirítear Ollscoil na Ríona Béal Feirste, Kainos agus an Comhlachas Tráchtála Éireannach-Mheiricánach). Léirigh sé na comhpháirtíochtaí a cruthaíodh idir na pobail acadúla agus tionsclaíocha laistigh den réigiún. Is iondúil ag Hackathon go dtagann grúpa mór daoine le chéile chun ríomhchlárú comhoibríoch a dhéanamh. Ach bhí Fintech 2025 Hackathon difriúil ar bhealach. Tugadh deis do bhaill foirne Pramerica agus mic léinn LYIT students le spéis san Airgeadas, Teicneolaíocht, Dearadh, Forbairt Oibriúcháin, Gnó, Margaíocht, Sonraí, Dlí nó Eolaíocht Achtúireach teacht le chéile chun smaoineamh, táirge nó seirbhís a fhorbairt thar aon deireadh seachtaine amháin, a fhéadfaí a úsáid sa bhliain 2025.  

Fuarthas 130 iarratas agus roghnaíodh 75 le bheith páirteach, iad uile ag súil leis an duais LK Vouchers de luach €2,500. Le linn na deireadh seachtaine, bhí léirithe nuálaíocha, duaiseanna grinn agus léargais tionscail ó phainéal saineolaithe, ó LYIT, Kainos, Fiontar Éireann, Ollscoil na Ríona, Emergenetics, Comhlachas Tráchtála Éireannach-Mheiricánach agus Pramerica, a d’oibrigh leis na foirne thar an deireadh seachtaine ar fad. 

Ar deireadh ba í an fhoireann Prudential in My Pocket a bhuaigh an barrduais; bhí smaoineamh gnó acu dírithe ar MPESA a úsáid mar phróiseas íocaíochta chun íoc as táirgí Pru. Bhí cúigear ball foirne Pramerica agus beirt mhac léinn LYIT páirteach; d’oibrigh siad go cruaidh thar an deireadh seachtaine chun smaoineamh feidhmchláir a chruthú, a fhéadfaí a fhorbairt mar tháirge inúsáidte don bhliain 2025. 
 
Bhí cúigear moltóir ar an bpainéal: Ciaran Harvey, Stiúrthóir Bainistí Sinsearach, Pramerica; Anne Clydesdale, Stiúrthóir, Clinton Leadership Institute Ollscoil na Ríona; Paul Hannigan, Uachtarán, LYIT; Mark Redmond, Príomh-Fheidhmeannach, Comhlachas Tráchtála Éireannach-Mheiricánach; agus Brendan Mooney, Stiúrthóir Bainistí & POF, Kainos.

Ar fud na hócáide bhi sineirge mhór idir na foirne go léir; le taithí baill foirne Pramerica ag cumasc le díograis mac léinn LYIT, cinntíodh go raibh an dá thaobh ag foghlaim óna chéile ar feadh an ama. Dúirt Paul Hannigan: “Ócáid spreagúil a bhí anseo, a léirigh an sineirge idir LYIT agus ár gcomhpháirtithe tionscail Pramerica. Fuair na mic léinn taithí réalaíoch i dtimpeallacht faoi bhrú, ach fós bhaineadar spraoi as. Ba mhór an tairbhe do na mic léinn an taithí seo”. 

Lean #Fintech2025 ar Twitter chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fintech 2025 Hackathon.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí