Faigheann LYIT maoiniú comhoibríoch um thrí thionscnamh caipitil daonna

Faigheann LYIT maoiniú comhoibríoch um thrí thionscnamh caipitil daonna

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 9 Deireadh Fómhair 2020

Tá áthas ar LYIT maoiniú a fháil do thrí thionscadal comhoibritheacha suntasacha faoi Cholún TCD 3

I mBuiséad 2019, d’fhógair an rialtas an Tionscnamh Caipitil Daonna (HCI) um thacú le breis soláthair san Earnáil Ard-Oideachais chun freastal ar riachtanais scileanna fiontair.  

Spreagann HCI athchóiriú agus nuálaíocht leanúnach i soláthar tríú leibhéal, bunaithe ar an gcleachtas is fearr náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ag tacú go láidir le nuálaíocht i ndearadh agus soláthar clár. Is aidhm dó a chinntiú go bhfuil díriú níos mó ar thras-scileanna a chothú agus a lonnú ar fud na hearnála ardoideachais. 

Tá 3 Cholún san Tionscnamh Caipitil Daonna: Colún 1: Cúrsaí Céime um Iompó agus Speisialtacht; Colún 2: Soláthar Áiteanna Breise Fochéimithe; Colún 3: Nuálaíocht agus Aclaíocht

Faoi Cholún 3 HCI beidh 22 thionscadal in institiúidí ardoideachais, 17 díobh ag baint le comhoibriú idir institiúidí. Is é seo an Colún HCI deiridh atá le fógairt, le buiséad iomlán €197 milliún sa thréimhse 2020 go 2024.  

Faoi Cholún 3 HCI, Nuálaíocht agus Aclaíocht, fuair LYIT maoiniú comhoibríoch le haghaidh trí thionscadal HCI.  

I gcomhar le páirtnéirí Chomhaontas Chonnacht-Uladh (CCU) – GMIT agus IT Sligeach – fuair LYIT maoiniú €12.4 milliún don tionscadal “Ardoideachas 4.0: Freagairt aclaíocht ón Ardoideachas a chumasú”.

Seolfaidh an tionscadal seo an t-ardoideachas chuig aois nua foghlama, á threorú ag IT Sligeach i gcomhar le LYIT agus GMIT. Deis chumhachtach a bheidh ann um chuidiú le hOllscoil nua Teicneolaíochta a chruthú, áit a mbeidh nuálaíocht teagaisc agus foghlama bunaithe ó thús.  

Dúirt an tOllamh Jacqueline McCormack, Leas-Uachtarán um Fhorbairt Ar Líne ag IT Sligeach, a threoraigh an t-iarratas: “Beidh gníomhú suntasach ag an dtionscadal seo le fostóirí agus foghlaimeoirí fadsaoil. Leagtar amach fís um aclaíocht ardoideachais maidir le freagairt ar riachtanais daoine aonair agus fostóirí. Úsáidfear an maoiniú chun córais agus cumas a bhunú chun deiseanna solúbtha agus ardnuálaíochta ardoideachais a sholáthar. Chomh maith leis na páirtnéirí lárnacha, tá páirtnéirí fiontair ag gníomhú sa phleanáil tionscadail agus gabhaimid buíochas leo as a dtacaíocht.”  

Beidh LYIT ag comhoibriú le IT Cheatharlach ar thionscadal a fuair maoiniú €1.7m - “Ionad Staidéir um Árachas, Priacal agus Anailís Sonraí”. Cuideoidh sé seo le fostaíocht ardluach a chruthú san earnáil árachais; déanfar cúrsaí in eolaíocht sonraí, gnó agus dearadhmhacnamh a fhorbairt agus a sholáthar. Comhoibreoidh LYIT leis an Ionad Gréasáin Insurtech, an Dámh Foghlama Fadsaoil ag IT Ceatharlach chun freastal ar riachtanais scileanna san tionscal árachais. 

Chomh maith leis seo, comhoibreoidh LYIT le IT Ceatharlach ar thionscadal eile atá á thacú ag an Údarás Ard-Oideachais (UAO) agus Cumann Ollscoileanna Éireann (COÉ) – “Dóchúlacht aitheantais ar réamhfhoghlaim agus foghlaim fadsaoil san Ardoideachas in Éirinn a chur i gcrích”, a fuair maoiniú €6.904,175. Díreoidh an tionscadal seo ar dhóchúlacht aitheantais ar réamhfhoghlaim agus foghlaim fadsaoil san Ardoideachas in Éirinn a chur i gcrích. Tá an tionscadal suntasach seo ag teacht leis an ngealltanas sa Chlár Rialtais an córas iomlán ardoideachais phoiblí a thiomsú, tríd an UAO agus COÉ, um aitheantas ar réamhfhoghlaim a sholáthar ar bhealach soiléir córasach chun tairbhe foghlaimeoirí agus fostóirí.  

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Tá áthas ar LYIT maoiniú a fháil le haghaidh trí thionscadal comhoibríocha faoi Cholún 3 TCD. Tá an obair againne le páirtnéirí CCU, IT Sligeach agus GMIT, um Ollscoil Teicneolaíochta a chruthú ag dul ó neart go neart; cuirfidh an maoiniú seo go suntasach lenár gcumas deiseanna ardoideachais ardnuálaíocha a chruthú a neartóidh ár réigiúin. Neartóidh agus tacóidh an maoiniú breise um aitheantas réamhfhoghlama an réimse sin ag LYIT.  Cuideoidh an t-Ionad Staidéir um Árachas, Priacal agus Anailís Sonraí le fostaíocht ardluach a chruthú san earnáil árachais agus ár réigiún a neartú. Tréimhse spreagúil í seo san ardoideachais agus táimid ag fáiltiú roimh an athrú trasfhoirmithe san earnáil.”


An nuacht is déanaí

Imeachtaí