€830,000 le fáil ag LYIT le haghaidh oibreacha caipitil agus trealamh

€830,000 le fáil ag LYIT le haghaidh oibreacha caipitil agus trealamh

News / Déardaoin 27 Lúnasa 2020

Maoiniú le haghaidh riachtanais mionscála caipitil agus trealamh

Tá cionroinnt breis agus €830,000 faighte ag LYIT mar chuid de chionroinnt €25 milliún fógartha ag Simon Harris TD, Aire um Breisoideachas & Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, le haghaidh oibreacha caipitil in institiúidí ardoideachais. 

Ag fáiltiú do roimh an bhfógra, dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Ligfidh an maoiniú seo dúinn uasghrádú trealaimh agus infheistíocht bonneagair a dhéanamh mar chuidiú lenár bhfoireann agus lenár mic léinn, ar champas agus ar líne araon, agus sinn ag ullmhú le haghaidh filleadh mac léinn ar 28 Meán Fómhair."

Ligfidh an maoiniú seo do LYIT freastal ar riachtanais mionscála caipitil agus trealamh bunaithe ar thosaíochtaí mar oibreacha sláinte agus sábháilteachta, uasghrádú bonneagair, athnuachan ar threalamh agus TFC, agus uasghrádaithe a bhaineann le fuinneamh. 

Dúirt an tAire Stáit McConalogue: “Tá infheistíocht caipitil riachtanach um thimpeallacht acadúil ardchaighdeáin agus eispéireas dearfach champais a chinntiú do mhic léinn agus don fhoireann araon. Tá an fógra seo tráthúil agus an coláiste ag ullmhú um athoscailt an mhí seo chugainn”. 

Dúirt an tAire Stáit McConalogue go réitíonn an maoiniú solúbtha seo le hinfheistíochtaí caipitil eile san earnáil, atá dírithe ar an líon áiteanna mac léinn a leathnú agus bonneagar campais a athnuachan ins na blianta atá romhainn amach.  “Tá ról lárnach ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn maidir le postanna a chruthú agus eacnamaíocht láidir a thógáil anseo i nDún na nGall. Is léiriú breise an chionroinnt seo go dtuigeann an rialtas an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht sa choláiste”.

"Tagann an maoiniú seo atá fógartha ag an Aire um oibreacha caipitil agus trealamh i ndiaidh cionroinntí a fógraíodh cheana le haghaidh ríomhairí glúine, seirbhísí taca mac léinn agus leathnú breise ar an gcoláiste. Táim cinnte go gcuirfidh údaráis an choláiste fáilte roimhe agus gur cuidiú mór dóibh é agus iad ag ullmhú don bhliain nua acadúil”. 

LYIT, IT Sligeach agus GMIT – ag obair le chéile um Ollscoil Teicneolaíochta in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí