Obair ar leathnú nua ag LYIT le tosú in 2021

Obair ar leathnú nua ag LYIT le tosú in 2021

News, Student News, Staff News / Dé Máirt 18 Lúnasa 2020

Leabharlann, saotharlanna ríomhaire, seomraí ranga, léachtlann, oifigí foirne agus bialann

Fáiltíonn LYIT roimh chinneadh an rialtais dul ar aghaidh le clár um Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí (CPP). Dá thoradh seo gheobhaidh an Institiúid foirgneamh nua 5,066m2 ar champas Leitir Ceanainn. Cuimseofar sa bhfoirgneamh seo leabharlann nua-aoiseach, saotharlanna ríomhaire, seomraí ranga, léachtlann, oifigí foirne agus áiseanna breise bialainne.  

Dúirt Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Scéal iontach é seo don Institiúid. Tá fás leanúnach ar siúl againn, maidir le tairiscintí cláir, áiseanna agus méadú ar líon na mac léinn sa bhliain acadúil 2020/21. Tacóidh an foirgneamh nua seo na pleananna atá againn um leathnú amach anseo”.  

Tacóidh na háiseanna nua le polasaí an rialtais um breis acmhainní a sholáthar um Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (STEM), agus beidh an bonneagar ag an Institiúid um thacú le mic léinn i dtimpeallacht nua-aoiseach.  

Tá an tionscadal á sholáthar faoi Project Ireland 2040 i gcomhpháirtíocht a chuimsíonn LYIT, an Roinn Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; an tÚdarás Ard-Oideachais (UAO); agus an Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN). 

Dheonaigh Comhairle Contae Dhún na nGall cead pleanála don tionscadal ar 20 Aibreán 2020.

Tá LYIT ag réiteach um fháiltiú roimh 4,500 mac léinn i mí Mheán Fómhair 2020; tosóidh na cláir lánaimseartha uile ar an Luan 28 Meán Fómhair. 

LYIT, IT Sligeach agus GMIT – ag obair le chéile um Ollscoil Teicneolaíochta in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí