Aire a Mhúinteoirí

Aire a Mhúinteoirí

News / Dé Luain 22 Eanáir 2018

Seolann LYIT a thríú chúrsa um Máistir Ealaíon sa bhFoghlaim agus Teagasc

Tá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) ag seoladh a thríú chúrsa um Máistir Ealaíon sa bhFoghlaim agus Teagasc.

Dúirt Siobhán Cullen, Ceannasaí ar an Roinn Dlí agus Daonnachtaí ag LYIT, go bhfuil an mhúinteoireacht ar cheann de na gairmeacha is mó luaíochta ach fós is dúshlánaí: “Tá cláir dírithe Mháistreachta fíor-riachtanach mar thacú le cleachtais foghlama agus teagaisc do sheomra ranga na 21ú aoise. Tugann an cur chuige saotharbhunaithe deis do lucht oideachais a gcuid eolais agus scileanna a chur i bhfeidhm sa seomra ranga. Le breis agus 16 bliana tá cuntas teiste ag Scoil Gnó LYIT maidir leis an oideachas feidhmeach agus gairmiúil ar leibhéal máistreachta do chleachtóirí ina réimsí féin”. 

Ar ghnéithe lárnacha an chláir tá: cleachtas gairmiúil sa bhfoghlaim agus teagasc a fhorbairt; cainteoirí barrchleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta; seachadadh cumaisc foghlama; foghlaim saotharbhunaithe ins na modúil uile; seachadadh thar dhá bhliain acadúil ag deireadh seachtainí; easba scrúduithe (tá an measúnú tascbunaithe); agus deiseanna foghlama agus líonraithe ar leith ar fud na hearnála oideachais uile – 3ú leibhéal, breisoideachas, iar-bhunoideachas agus bunoideachas.  

Molann Anne McHugh, Príomhfheidhmeannach BOO Dhún na nGall, forbairt ghairmiúil laistigh de ghairm na múinteoireachta: “Tugann an clár seo deis do mhúinteoirí a gcuid scileanna a uasghrádú gan turasanna fada a chur orthu féin. Díríonn sé ar chuid mhór de réimsí lárnacha spéise ag BOO Dhún na nGall, maidir leis an dúil atá againn an cháilíocht teagaisc agus foghlama ins na scoileanna agus ionaid againn a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Molaim ó chroí an clár seo”. 

Tá LYIT ag lorg iarratais ó lucht bunoideachais, iar-bhunoideachais agus oideachais 3ú leibhéal um páirt a ghlacadh i gclár 2018 MA sa bhFoghlaim agus Teagaisc (MALT) a thosaíonn i mí na Feabhra 2018.  Um breis eolais déan teagmháil le Siobhán Cullen ag siobhan.cullen@lyit.ie nó le Lisa Devlin, Riarthóir Cúrsa, ag 074 9186206. Is é an spriocdháta um iarratais ná an Aoine 19 Eanáir. Tá líon beag áiteanna fós ar fáil. 

 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí