308 áit saor Springboard ag LYIT sa bhliain acadúil ag teacht

308 áit saor Springboard ag LYIT sa bhliain acadúil ag teacht

News, Student News, Staff News / Dé Domhnaigh 21 Meitheamh 2020

Cúrsaí athoiliúna saor in aisce le haghaidh dífhostaithe agus lucht tís, agus maoinithe 90% le haghaidh daoine atá ag obair

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, sraith nua cúrsaí faoi Springboard+ 2020.

Tá áthas ar LYIT go bhfuil 308 áit saor deonta ar an Institiúid ar fud réimsí éagsúla. Soláthraíonn Springboard+ cúrsaí saor ardoideachais i réimsí scileanna atá de dhíth ar dhaoine atá dífhostaithe, orthu siúd a bhí féinfhostaithe cheana agus orthusan atá ag filleadh ar obair. Féadfaidh daoine atá ag obair feidhm a bhaint as an tionscnamh Springboard+ anois. Dóibh siúd atá ag obair, tá cúrsaí NFQ Leibhéal 6 saor in aisce. I gcás daoine ar chúrsaí NFQ Leibhéal 7 – 9, ní gá dóibh ach 10% den táille a íoc agus maoiníonn an Rialtas an fuíollach.  

Ag LYIT tá cúrsaí Teastais go cúrsaí Diopóma Iarchéime. Imeasc na n-ábhar tá: Teicneolaíochtaí Mór-ríomhaire; cúrsaí tiontaithe Ríomhaireachta; Teicneolaíocht Scamaill; Cúram Sláinte Digiteach; Cibearshlándáil; Bainistiú Ionaid Sonraí; Forbairt Bhogearraí Chomhaimseartha; Teicneolaíocht Faisnéise Éiritheach; Scileanna Cócaireachta; Oibríochtaí Bia agus Dí; Bainistíocht agus Ceannaireacht; Dearadh Éispéiris Úsáideora; agus Nuálaíocht Fheidhmeach. 

Deir John Andy Bonar, Ceann Forbartha ag LYIT, “Tá áthas orainn an 308 áit Springboard+ saor in aisce a thairiscint chucu siúd atá incháilithe. Tá suas le 1,500 áit Springboard saor in aisce curtha ar fáil ag LYIT le 10 mbliain anuas agus fostaíocht faighte ag 90% de na céimithe dá thoradh.”  

Tá cláir LYIT Springboard+ ceaptha ar bhonn solúbtha i gcomhar le fostaitheoirí sa réigiún, chun freastal ar scileanna agus cáilíochtaí atá ar éileamh faoi láthair sa réigiún Thiar-Thuaidh agus ar fud na tíre.  Is comhartha an fhorbairt seo ar thacú LYIT um deiseanna Foghlama Fadsaoil a chruthú do phobal an Iar-Thuaiscirt. 

Féadfar gach eolas maidir le Springboard+ 2020 a fháil ar ár suíomh gréasáin nó ag www.springboardcourses.ie.  Um breis eolais seol ríomhphost chuig an Dr Nigel McKelvey ag springboard@lyit.ie.

 

Tá Springboard+ comhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid den chlár ESF um infhostaitheacht, cuimsiú agus foghlama 2014-2020.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí