Molann Uachtarán LYIT do mhic léinn a n-áiteanna a ghlacadh ag LYIT

Molann Uachtarán LYIT do mhic léinn a n-áiteanna a ghlacadh ag LYIT

News / Dé Máirt 16 Meitheamh 2020

“Táimid ag fáiltiú romhaibh ar fad chuig an campas againn”

Is cúis bróid ag LYIT eispéireas na mac léinn  ar champais Leitir Ceanainn agus Na gCealla Beaga. Tá timpeallacht fuinniúil foghlama le himeachtaí éagsúla ar fud na bliana acadúla chomh maith le flúirse clubanna agus cumann.  

Tá tionchar ag an bpaindéim shláinte phoiblí domhanda orainn ar iliomad bealach.  Is fíor é seo ach go háirithe maidir le mic léinn tríú leibhéal. Is mian leo a thuiscint conas a bheidh an bhliain acadúil atá romhainn, agus conas is féidir leo staidéar um ghairmí a bheidh riachtanach um théarnamh amach anseo, i bhfianaise srianta agus teorainn ar dheiseanna eacnamaíocha. 

Bhí 3,500 mac léinn lánaimseartha agus 1,000 mac léinn páirtaimseartha ag LYIT i mbliana. Tá bearta ar bun chun fáiltiú roimh mhic léinn, idir sean agus nua, chuig an dá champas. Tá scéimeanna curtha ar fáil ag an bhfoireann bainistíochta um a chinntiú go bhfaighidh na mic léinn nua céadbhliana eispéireas traisisiúnta mac léinn LYIT. 

Deir Paul Hannigan, Uachtarán LYIT: “Déanfaimid ár ndícheall an t-eispéireas coláiste is fearr a chruthú do chách. Ní raibh lucht fágála scoile ar scoil ó Mhárta anuas agus gan deis acu an scrúdú Ard-Teistiméireachta a dhéanamh. Tá cinnteacht uathu anois maidir le dul chun cinn sa saol. Tá iarratais an-mhaithe againn tríd an CAO agus sinn ag súil le fáiltiú roimh na mic léinn nua uile ar champas”.

“Tá sé tábhachtach caidreamh láidir a chothú leis na mic léinn céadbhliana. Is anseo atá neart an Choláiste – an caidreamh idir na mic léinn agus an fhoireann. Is dá thoradh san atá éirithe linn dul chun cinn a dhéanamh ó Mhárta anuas”.

“Is aidhm dúinn oibriú ar aghaidh tríd an bhliain acadúil atá romhainn chomh maith agus is féidir linn. Tá súil againn go dtiocfar ar bhealach éifeachtach chun plé leis an víreas seo in am tráth agus go mbeidh an gnáthshaol faoi réim arís um an dtaca seo an bhliain seo chugainn. ” 

“Tá sláinte agus folláine na foirne agus na mac léinn mar phríomhchuspóir againn i gcónaí. Is aidhm dúinn na cláir a sholáthar ar bhealach atá sábháilte, cuimsitheach agus tacaíoch do na mic léinn ar fad. Molaim do gach mac léinn a fuair tairiscint um áit ag LYIT an rogha sin a ghlacadh. Níl buntáiste ar bith le baint as do chúrsa sa choláiste a chur ar athló go ceann bliana. Gluaiseann an saol ar aghaidh i gcónaí agus is mian linn go leir dul ar aghaidh chomh maith leis”.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí