Féadfar scanóir ardtaifigh a cheannach
Tá áthas ar LYIT a fhógairt go bhfuil deontas faighte ón Chiste Trealaimh Chaipitil a riarann Fiontraíocht Éireann trí na Cláir Geata Teicneolaíochta agus Ionad Teicneolaíochta. Fuair 37 iarratasóir san Earnáil Tríú Leibhéal breis agus €6 mhilliún de mhaoiniú.
Leis an maoiniú seo ceannóidh LYIT scanóir ardtaifigh a sholáthróidh sraith seirbhísí don tionscal déantúsaíochta ar fud an oileáin ach go háirithe sa réigiún Thiar-Thuaidh. Tugann an scanóir cumas ais-innealtóireachta do chomhlachtaí sa chás go bhfuil gá le páirteanna nó táirgí a athrú nó a athshuíomh, go háirithe nuair atá dearthaí casta i gceist.
Dúirt an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, Heather Humphreys TD, ar 4 Meitheamh: “Cothaíonn na cláir Geata Teicneolaíochta agus Ionad Teicneolaíochta caidreamh idir chomhlachtaí Éireannacha agus Institiúidí taighde in Éirinn.
Cuireann an Ciste Trealaimh Chaipitil trealamh riachtanach den scoth ar fáil do chomhlachtaí i dtreo is gur féidir leo díonacht a thógáil agus bheith iomaíoch ar scála domhanda.
Tháinig an 37 iarratasóir ar éirigh leo trí dhianphróiseas measúnaithe a bhí bunaithe ar chritéir incháilitheachta; ba ghá dóibh cumas láidir tionsclaioch a bheith acu, chomh maith le riachtanas suntasach um threalamh nua agus an spás chun é a chothú agus a chothabháil”.
Dúirt an Dr Jim Morrison, Ceann na Roinne Innealtóireachta (Leictreonach agus Meicniúil), a sheol isteach an t-iarratas um maoiniú: “Féadfaidh an scanóir ábhair chasta a thomhas go fíorchruinn agus cuirfidh sé ar chumas chomhlachtaí san Iar-Thuaisceart a chinntiú go bhfuil a gcuid próiseas agus dearthaí ag réiteach leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta is airde. Féadfaidh comhlachtaí déantúsaíochta san Iar-Thuaisceart (agus ar fud an líonra Gheata Teicneolaíochta) feidhm a bhaint as na seirbhísí seo ó LYIT agus tacú acu ó innealtóirí meicniúla oilte ón Roinn againne”.
Maoiníonn Clár Gheata Teicneolaíochta Fhiontraíocht Éireann idirghníomhaíochtaí idir thionscail, áitiúil agus náisiúnta, agus na hInstitiúidí Teicneolaíochta, ag díriú ar chomhoibriú agus forbairt fiontair a leathnú ar bhonn réigiúnach agus náisiúnta araon.
Deir Uachtarán LYIT, Paul Hannigan: “Neartaíonn LYIT cumas fiontair agus nuálaíochta sa réigiún, ag obair le comhpháirtithe lárnacha. Tá an Institiúid geallta um a thuilleadh tacaí gnó a fhorbairt trí chomhaontaithe tionscadail agus feabhsú ar thacaí maidir le comhaontaithe maoine intleachtúla le haghaidh teicneolaíochtaí bainteacha tráchtála. Cuirfidh an fógra maoinithe seo leis na comhoibríochtaí seo”.