Ceaptar an Dr Seán Duffy mar Cheann FeidhmeTionscadail ar Chomhaontas Chonnacht-Uladh (CCU)

Ceaptar an Dr Seán Duffy mar Cheann FeidhmeTionscadail ar Chomhaontas Chonnacht-Uladh (CCU)

News, Staff News / Déardaoin 4 Meitheamh 2020

Stiúrfaidh an Dr Duffy an tionscadal um Ollscoil Teicneolaíochta don Iarthar agus Iar-Thuaisceart

Fáiltíonn Uachtaráin an Chomhaontais Chonnacht-Uladh (CCU) - LYIT, GMIT and IT Sligeach – roimh cheapadh an Dr Seán Duffy mar Cheann Feidhme Tionscadail, agus an comhaontas ag dul i dtreo Ollscoil Teicneolaíochta (OT) a chruthú le haghaidh Iarthair agus Iar-Thuaiscirt Éireann. 

Is as Sligeach don Dr Duffy; stiúrfaidh sé dul chun cinn an tionscadail CCU trí threorú cinnte, straitéiseach agus feidhmeach a dhéanamh um aidhm CCU a bhaint amach.  Tá breis agus 25 bliana taithí bainistíochta aige san earnáil oideachais tríú leibhéal. Bhí sé ina Cheann ar Scoil Turasóireachta LYIT ar feadh 11 bhliain agus ina Cheann Roinne ar feadh seacht bliana. In 2018, ceapadh é mar Bhainisteoir Tionscadail CCU, ag stiúradh an tionscadail iNOTE (dar luach €2.85m maoinithe ag an UAO) – tionscnamh comhoibritheach um fhorbairt ar dheiseanna nuálaíocha digiteacha a dhéanfaidh claochló ar ardoideachas in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann 

Deir an Dr Duffy: “Deis spreagúil í seo a bheith páirteach in Ollscoil Teicneolaíochta nua a fhorbairt le haghaidh an Iarthair agus an Iar-Thuaiscirt. Cuirfidh sé athrú ó bhonn ar an ardoideachas sa réigiún agus táim ag súil go mór le bheith ag obair i gcomhar le comhghleacaithe as na trí instiúid ar an dtionscadal seo”.

Is iad cáilíochtaí an Dr Duffy ná PhD ó Ollscoil Luimnigh,  MSc (Gradam) ó Ollscoil Uladh agus BA (Onóracha) ó GMIT.  Roimh theacht chuig LYIT dó, bhí sé ina Stiúrthóir ar Institiúid Idirnáisiúnta um Bainistiú Ostáin agus Turasóireachta, i Lucerne na hEilivéise ar feadh sé bliana. Tá sé gníomhach san earnáil turasóireachta agus aíochta chomh maith le forbairt réigiúnach in Éirinn le 20 bliain anuas, agus é páirteach i bhFóram Earnála Turasóireachta Dhún na nGall, Coiste Stiúrtha Biachósta Dhún na nGall (Cathaoirleach), Oifig Áitiúil Fiontair (LEO), Tionscadal Forbartha Sliabh Liag, agus Cnuasghrúpa an Iarthair/Iar-Thuaiscirt (LYIT, GMIT, IT Sligeach agus NUIG).  Le déanaí, thar ceann CCU, bhí sé ina bhall de Ghrúpa Oibre 1 den Líonra Taighde um Ollscoil Teicneolaíochta (TURN) a dhírigh ar fhoirniú, caighdeáin ghrádála agus forbairt acmhainne.   

Is Comhalta an Dr Duffy d’Institiúid Aíochta na hÉireann agus tá sé ina bhall d’iliomad dream gaimriúil. Bhain sé amach an chéad Chomhaltacht Shinsearach um Thaighde ag Fáilte Ireland in 2005/2006, le haghaidh taighde maidir le glacadh tiecneolaíochta ag mionchomhlachtaí. Bhí sé ina scrúdaitheoir seachtrach ar chláir Leibhéal 6-9 in Éirinn agus san Eilvéis agus tá saothar déanta aige le dreamanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le breisoideachas agus ardoideachas.  

Tá taithí suntasach ag an Dr Duffy maidir le bainistíocht athruithe; bhí ról lárnach aige i gcónascadh Choláiste Turasóireachta Na gCealla Beaga le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn in 2007.  

Dúirt Uachtaráin LYIT, GMIT, agus IT Sligeach, Paul Hannigan, an Dr Orla Flynn, and Brendan McCormack: “Tá athas orainn go bhfuil duine de chumas Sheáin ceaptha chun cuspóir um OT ag Comhaontas Chonnacht-Uladh a threorú. Tá morthaithí aige ar an earnáil TF agus gealltanas láidir aige na hinstitiúidí a tharraingt le chéile mar ollscoil teicneolaíochta.” 

Tuilleadh eolais – féach www.cualliance.ie

Pictiúr:
An Dr Seán Duffy, atá ceaptha mar Cheann Feidhme Tionscadail ag Comhaontas Chonnacht-Uladh, tionscadal gur aidhm dó Ollscoil Teicneolaíochta (OT) a lorg in Iarthar agus Iar-Thuaisceart Éireann.


An nuacht is déanaí

Imeachtaí