Gradaim Ghaisce Mac Léinn LYIT 2020

Gradaim Ghaisce Mac Léinn LYIT 2020

News, Student News, Staff News / Dé hAoine 22 Bealtaine 2020

Saothar Club agus Cumann á chomóradh

Tionóladh Gradaim Ghaisce Mac Léinn LYIT ar bhealach an-difrIúil i mbliana. De ghnáth, bhíodh ócáid thaibhseach spraoiúil san Óstán Radisson Blu, Leitir Ceanainn. Ach i mbliana, ceiliúradh fíorúil a bhí ann, á sruthú ar líne, mar mhalairt bhealaigh chun gaiscí 2020 Club agus Cumann LYIT a aithint agus a cheiliúradh.  

The International Society
Winners of the Best Society Promotional Video 2020 at the recent Student Achievement Awards was The International Society.

Imeasc na ngradam bhí: an Ball Club is Fearr, Gradam Cinnireachta, an Cumann is Fearr, agus Gradam um Ghníomhú Cathartha, Carthanais agus Pobail. Bhí duaiseanna freisin don Ghrianghraf Cumainn is Fearr agus an Físeán Cumainn is Fearr. Chomh maith leis na gradaim chumainn, bhí trí ghradam spóirt ar fáil a raibh an-tóir orthu. Bhí iomaíocht an-láidir ins na ranna ar fad i mbliana agus ba dheacair don choiste roghnaithe teacht ar chinneadh maidir le buaiteoirí a roghnú.  

Edward Ng
The Most Outstanding Club Member at the Student Achievement Awards 2020 was Edward Ng of The Malaysian Students Society.

Ba é Jason Quigley as Bealach Féich aoichainteoir na hócáide. Fear é seo a bhfuil cuid mhór onóracha dornálaíochta buaite aige, ina measc Seaimpín Bonn Airgid an Domhain, Seaimpín Óige agus Sinsearach na hEorpa ar leibhéal Amaitéarach, agus Seaimpín Meánmheáchain Mheiriceá Thuaidh ar leibhéal gairmiúil. In agallamh le Oisín Kelly, óstach na hócáide, roinn Jason comhairle maidir le dearcadh dearfach a choimeád agus pleananna spreagúla a chur in áit um chuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach. 

GAA Men's Team
The GAA Men’s Team, Team of the Year at the recent Student Achievement Awards 2020.

Fógraíodh 11 Scoláireacht Club & Cumann chomh maith. Roghnaíodh na buaiteoirí ó réimse leathan iarratasóirí imeasc réimse club agus cumann. Fuair na buaiteoirí gradaim airgid as a n-iarrachtaí. 

Thréaslaigh Paul Hannigan, Uachtarán, do na mic léinn agus mhol sé na clubanna agus na cumainn go léir as a thacú suntasach le saol an choláiste.  D’fháiltigh sé roimh an leathnú imeachtaí sa Chlár Club agus Cumann le blianta beaga anuas agus mhol sé na mic léinn as a gcumas agus a ndíograis ins na himeachtaí sin. Mhol sé freisin saothar na gclub spóirt sa choláiste le linn na bliana agus thug sé suntas ar leith do na gaiscí seo maidir le fostaíocht agus forbairt scileanna ag na mic léinn amach anseo.

The Malaysian Student Society
The Malaysian Students Society, winners of Best Society 2020 at the recent Student Achievement Awards.

Ba iad seo a leanas na buaiteoirí:

Gradaim Club agus Cumann

  • Gradam Cinnireachta 2020 – Florian Moss, An Cumann Badmantain   
  • Gradam um Ghníomhú Cathartha, Carthanais & Pobail 2020 – An Cumann Damhsa  
  • An Ball Club is Fearr 2020 – Edward Ng, An Cumann Mac Léinn Malaeisiach   
  • An Cumann is Fearr 2020 – An Cumann Mac Léinn Malaeisiach     
  • An Grianghraf Cumainn is Fearr 2020 – An Cumann Ultimate Frisbee   
  • An Físeán Cumainn is Fearr 2020 – An Cumann Idirnáisiúnta 

Buaiteoirí Scoláireachtaí

  • Lynn Chaim, An Cumann Mac Léinn Malaeisiach     
  • Ooi Wen Feng, An Cumann Mac Léinn Malaeisiach     
  • David Friel, An Cumann Damhsa  
  • Sean Imasuen, An Cumann Afra-Chairibeach
  • Jo Ezer Lau, An Cumann Ultimate Frisbee   
  • Edward Ng, An Cumann Mac Léinn Malaeisiach     
  • Royce Rui Tze Tan, An Cumann Mac Léinn Malaeisiach     
  • Ken Te Tang, An Cumann Ultimate Frisbee   
  • Gene Tuliao, An Cumann Idirnáisiúnta 
  • Chin Sy Yao, An Cumann Ultimate Frisbee   
  • Xiao Zexiao, An Cumann Mac Léinn Síneach  

Gradaim Spóirt

  • Nicole Gordon (CLG & Sacar Ban), Gradam Aitheantais Speisialta Spóirt
  • Darragh Black (CLG Fir), Gradam Réalta Spóirt 
  • Foireann Fear CLG, Foireann na Bliana

Beidh Edward Ng, An Ball Club is Fearr agus An Cumann Idirnáisiúnta, An Físeán Cumainn is Fearr i láthair thar ceann LYIT ag Gradaim BICS (Bord Coláistí Éireann) a thionólfar roimh dheireadh na bliana i mBaile Átha Luain. 


An nuacht is déanaí

Imeachtaí