Laethe Oscailte Fíorúla Luan – Aoine 18 - 22 Bealtaine
Tuigeann LYIT gur dúshlánach í an tréimhse seo le haghaidh mic léinn. Tá campais choláiste ar fud na tíre dúnta. Mar chabhair do mhic léinn gur spéis leo teacht chuig LYIT, beidh Laethe Oscailte Fíorúla ó Luan go hAoine 18 - 22 Bealtaine, 2 - 4 pm gach lá.
Beidh deis ag mic léinn dóchúla ‘Caint Bheo’ le baill foirne acadúla agus tacú mac léinn, ‘Turas Fíorúil’ campais a thabhairt agus caidreamh a dhéanamh leis na hAmbasadóirí Mac Léinn maidir le saol an champais.
Is mó ceist atá faighte ag LYIT ó ‘Rang 2020’ agus le linn na Laethe Oscailte Fíorúla beidh deis ag mic léinn dóchúla teagmháil a dhéanamh le baill foirne acadúla agus tacú mac léinn maidir le roghanna CAO, airgeadas agus scoláireachtaí, cóiríocht mac léinn agus mórán eile.
Beidh na Laethe Oscailte Fíorúla ar bun ó Luan go hAoine 18 - 22 Bealtaine mar seo a leanas:
Dé Luain, 18 Bealtaine,
2 - 4 pm |
Scoil Turasóireachta – eolas faoi chláir um Ealaíona Cócaireachta, Aíocht agus Turasóireacht |
Dé Máirt. 19 Bealtaine,
2 - 4 pm |
Scoil Gnó – eolas faoi chláir um Gnó, Cuntasaíocht, Dlí, Spórt & Aclaíocht, Dearadh agus Meáin Chruthaíocha |
Dé Céadaoin, 20 Bealtaine,
2 - 4 pm |
Scoil Innealtóireachta – eolas faoi chláir um Innealtóireacht Leictreonach, Innealtóireacht Shibhialta, Bainistiú Tógála, Suirbhéireacht Chainníochta, Innealtóireacht Shábháilteachta Dóiteáin agus Innealtóireacht Mheicniúil |
Déardaoin, 21 Bealtaine,
2 - 4 pm |
Scoil Eolaíochta – eolas faoi chláir um Eolaíocht, Altranas, Luathchúram Leanaí, Altranas Tréadliachta, Talamhaíocht, Ríomhaireacht, Eolaíocht Ríomhaire, Eolaíocht Sonraí le IS, Teiripe Shaothair, Fisiteiripe, Diaitéitic, Cúram Sláinte & Sóisialta agus mórán eile |
Dé hAoine, 22 Bealtaine,
2 - 4 pm |
Seirbhísí Taca Mac Léinn, Cóiríocht Mac Léinn, Saol Mac Léinn agus Oifig Iontrála – Caint Bheo leis na hAmbasadóirí Mac Léinn agus teagmháil leis na seirbhísí taca mac léinn ag LYIT |
Tá fáilte roimh chách ag na himeachtaí fíorúla seo – ní gá ach cliceáil chun teagmháil a dhéanamh le Laethe Oscailte Fíorúla LYIT.