Tá mic léinn agus léachtóirí faisin LYIT lena lucht cúnta ag soláthar éadaí cosanta le haghaidh an Ospidéil Ollscoile i Leitir Ceanainn
Tá breis agus 600 gúna cosanta curtha ar fáil chuig lucht cúram sláinte agus iad i mbun oibre le daoine a bhfuil Covid-19 orthu. Tá innill fuála in úsáid ar fud an chontae, agus 23 dhuine páirteach san obair, chun trealamh pearsanta cosanta (PPE) a chruthú ó ábhar seanchaite.
Taobh istigh de sheachtain amháin, is mó an cúnamh é seo ag Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn (LUH).
Dúirt Léachtóir Faisin Sharon Maxwell: “Tá fonn ar gach duine cabhrú leis an obair agus táim an-bhródúil as na mic léinn. Tá an-bhrú orthu a gcuid bailiúchán a chríochnú, ach tá tús áite á thabhairt acu don obair seo chun cuidiú le lucht saothair sláinte.”
Tá mic léinn agus a gcúntóirí ag obair sa bhaile, ag déanamh gúnaí cosanta de réir phatrúin agus sampla a chruthaigh Sharon le treoir ó lucht FSS.
Dúirt Sharon: “Sa chúrsa faisin, tá seantaithí againn feidhm a bhaint as ábhar seanchaite. Bímid ag obair ar bhonn inbhuanaithe agus déanaimid athchúrsáil an t-am ar fad. Baintear úsáid as gach píosa fabraice.”
Tá éadaí cosanta in úsáid ag na hoibritheoirí ar fad chun iad féin a choimeád slán. Ar an bhfoireann tá mic léinn, céimithe agus baill foirne ó LYIT, múinteoirí Martina agus Noreen ó Ghairmscoil Mhic Diarmada ar Árann Mhór, Collette (deirfiúr céile Sharon) agus triúr gúnadóir ó bhaile Dhún na nGall. “Is breá an rud é cabhair a thabhairt,” a deir Sharon.
Tá na gúnaí seolta cheana féin chuig FSS um a scaipeadh ar fhoireann an ospidéil.